Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Aibreán 2025

Infinity Knives & Brian Ennals – A City Drowned in God’s Black Tears (Phantom Limb)

Ba é albam deireanach Infinity Knives & Brian Ennals King Cobra albam hip hap na bliana 2022 agamsa, agus ba rogha Kneecap an dísreach hip hap seo as Baltimore, S.A.M agus grúpa tacaíochta á lorg acu le haghaidh camchuairte i Meiriceá ag deireadh na bliana 2024 (tugann Ennals shout out do Kneecap ar ‘Two Headed Buffalo’ anseo).

Deirim dísreach hip hap ach tá meascán ait d’idir bhuillí crunk, cumbia, fuaimeanna giotáir a shamhlófá le ceol miotal trom, p-funk spleodrach agus ceol tíre binn brónach le clos is A City Drowned in God’s Black Tears ag léim ó rian go rian. Téann tú i dtaithí air!

Cogar i do chluas, a léitheoir, maidir le hábhar an albaim nua. 

Tá tábhacht le focail agus tá an fhírinne chomh tábhachtach céanna. Ní hionann an chúis go ndearna dream rud a aithint agus do leithscéal a thabhairt dóibh as an rud a rinne siad. Cinedhíothú is ea cinedhíothú is cuma an sceimhlitheoirí nó fórsaí stáit atá ina bhun, agus níl cinedhíothú inghlactha. Is ait dom gur gá a leithéid a rá, ach is anseo atáimid in 2025.

Ón gcéad líne tumann A City Drowned in God’s Black Tears isteach i dtragóidí urghránna an lae inniu. 

For 4 generations/Your boot is on their neck/October 7 happened/The fuck did you expect,” a rapálann Ennals ar ‘The Iron Wall (feat. FRANKII3)’. 

Mar a admhaíonn sé féin, is MC é Ennals a bhíonn ag iarraidh rudaí a rá a bhainfidh stangadh as daoine. Ar mhaithe le fírinne níos leithne a thabhairt chun solais a bhíonn sé á dhéanamh.

Zionists are the new Nazis/Netanyahu is the new Hitler/Bodies keep piling up/America and Israel just get richer/New Jim Crow, same old shit/Everybody getting fucked by the same old dicks.”

Níl aon débhrí ag baint leis na línte sin, pé scéal. 

Tugadh an black CNN ar an ngrúpa hip hap Public Enemy le linn na 90idí. Agus ciorrú ar shaoirse cainte ag méadú lá i ndiaidh lae ní mór dúinn tacú anois le ceoltóirí, iriseoirí agus ealaíontóirí a bhfuil sé de mhisneach acu an fhírinne a rá amach go neamhbhalbh. Ó thaobh hip hap de is breá lem chroí geamaireacht gheiteo leithéidí Wu Tang Clan (dream eile a bhfuil albam úr díreach eisithe acu), ach ní mór breathnú ar an saol tríd lionsa níos leithne scaití.

Molta go hard.

[Léigh an t-alt ‘Ar Chúl an Albaim le Infinity Knives & Brian Ennals – ‘A City Drowned in God’s Black Tears’ le Ben Ó Faoláin ar NÓS.]

Grianghraf: Infinity Knives & Brian Ennals. (Creidmheas: Micah E Wood)

Jinx Lennon – The Hate Agents Leer At The Last Isle Of Hope (Septic Tiger)

Tá tuairim agus dosaen albam eisithe ag an tallann eisceachtúil seo d’amhránaí as Dún Dealgan ó thús an chéid. Ar nós eagráin éagsúla de Liveline le Joe Duffy tá gach ceann acu cosúil agus neamhchosúil le chéile. Cuireann gach eagrán nua focail ar an olc agus ar an anó a mhothaíonn an-chuid de ghnáthmhuintir na hÉireann ag am ar leith i saol na tíre.

Tá 26 rian ar fad le clos ar The Hate Agents. Tá cuid acu níos fearr ná a chéile, le fírinne, ach tá plúr na n-amhrán seo ar comhchaighdeán le bangers cruthanta Lennon (‘Forgive The Cnts’, ‘Guitar=Magic Wand’, abair). 

Tá idir mhagadh agus dáiríre anseo – go minic istigh san amhrán céanna. An file nó fuirseoir é Jinx Lennon? Fealsúnaí nó gríosóir? Gach ceann acu, agus ceann ar bith.

Déanann ‘Bouncy Castle Catholics’ iniúchadh ar an gcur i gcéill a bhaineann le teaghlaigh nach dtéann ar an aifreann go minic a bheith ag caitheamh airgid go rábach ar lá na Chéad Chomaoineach. Ag breathnú síos an mhicreascóip ar shotal na dtiománaithe BMW atáimid ar ‘BMWs Don’t Like Bikes’.  

Insíonn ‘Belfast 71’ scéal na gCaitliceach a lorg tearmann i bPoblacht Jack Lynch agus conas a caitheadh leo. Ag cur na fírinne a bhainfeadh le hÉirinn Aontaithe ionchuimsitheach abhaile orainn atá Lennon ar ‘United Island’ – é dár gceistiú fé chomh toilteanach is a bheimis dáiríre ár gclaontachtaí pearsanta a bhrú fúinn ar mhaithe le comhréiteach. 

Jinx Lennon nó Joe Duffy don uachtaránacht? Bheadh mo vótasa ag dul go Contae Lú.

Balaphonic – Resolution Revolutions (NuNorthern Soul)

Albam gleoite d’oícheanta séimhe an tsamhraidh ón drumadóir Danny Ward as cathair Mhanchain. 

Más de bharr a eisiúintí house agus dioscó faoi ainmneacha stiúideo mar Moodymanc agus Dubble D is mó atá clú ar Ward, i gcás ceol Balaphonic is ag díriú ar rithimí agus ar phailéad sonach Afra-Chúbach agus Afra-Bhrasaíleach a bhíonn sé. 

Tá blas na meala ar gach a bhfuil romhat ar Resolution Revolutions ó aoibhneas malltrialach Bailéarach ‘Sunflowers In Dub (Deep Summer Mix)’ go fuaim ghéagscaoilte anamúil ‘Oxum’. Shamhlófá ‘Brown Paper Bag’ de chuid Reprazent athmheasctha ag Ultramarine (agus iad ar saoire sa Bhrasaíl, b’fhéidir) leis an samba samhrúil ‘Disorganics (All Strings Mix)’. 

Saothar a chúitíonn athéisteacht.

Henrik Lindstrand – Space Between (Lime Tree Beach)

Bíonn suaimhneas intinne ar leith le haimsiú i gceol nuachlasaiceach an chumadóra Shualannaigh Henrik Lindstrand. Is minic a éistim lena albam Natrassan (2019), atá ar cheann de thríológ albam de cheol pianó dá chuid a eisíodh le linn na tréimhse 2017-2020.

Tá nótaí méarchláir fós ag croílár stíl Lindstrand ar Space Between ach tá foinsí idir orgáin, phianó agus sintéiseoirí i gceist leo. 

Tagairt atá i gceist le teideal an albaim, mheasfá, don rud go bhfuil an spás idir na nótaí chomh tábhachtach leis na nótaí féin i gcás an cheoil mhall mhachnamhaigh seo. 

Má tá gean agat ar na foinn mhóra mhalla chiorclacha sin ar gné lárnach de cheol Sigur Rós iad, déan cinnte cluas a thabhairt do chéadrian an albaim, ‘The World Is Big’. Sibhse a bhaineann sásamh as na neomataí is faoileanda de cheol Brian Eno molaim an rian ‘Neon Carousel’ daoibh.

Cnuasach na Míosa:
Ceoltóirí Éagsúla – Road Fever: New Generation Carnival Riddims From St. Lucia & Dominica (Soundway)

Cad é seo, go díreach?
Ardán tugtha ag ceirníní Soundway Londain do ghlúin úr léiritheoirí a bhíonn ag cumadh ceoil do lucht rince na gcarnabhal ar na hoileáin St Lucia, Dominice agus Guadalúip sa Mhuir Chairib.

Tá 26 rian ar fad le clos measctha thar achar 55.5 neomat ar meascadh de chuid DJ Intl Prostyle (sin obair thapaidh!) a bhfuil fáil air i bhfoirm chaiséid. Tá na rianta féin le fáil mar íoslódáil agus mar cheirnín. 

An bhfuil aon mhaith ann?
Seo ceol soca digiteach don nglúin Fruityloops, é gearrtha siar go creatlach amh na stíle, seinnte ar luas 150BPM le heilimintí de cheolta drill, trap, kuduro Angóla agus batida na Portaingéile curtha leis. 

Fuaim fhuinniúil ar mire – rud beag hiopnóiseach, go háirithe agus é seinnte ar chóras fuaime láidir.

Laigí:
Tá na rianta rud beag gearr ach is chuige sin an cnaipe loop is dócha.

An breithiúnas?
Beidh dea-aimsir uait don chéapar seo (tá cleití agus bicíní neoin roghnach).

SCÉALTA EILE