Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Bealtaine 2025

Kila & Brass – Raise The Road (Kila)

Kila i mbun comhoibrithe le hochtréad práis faoi stiúr an trombónaí Paul Frost atá le clos ar Raise The Road, iad ag géilleadh do spiorad an mhambó agus snagcheol bríomhar New Orleans gan cúl a thabhairt dá gcúlra Gaelach (tá glór na bpíob in uachtar ar phoirt mar ‘Buadán’ agus ‘Waggeldy’ go háirithe). 

Cé go ndéanaim féin talamh slán den rud go mbíonn talamh úr á bhriseadh ag Kila ar bhonn leanúnach – tá práis curtha lena gcuid ceoil cheana acu – tháinig scála na samhlaíochta anseo, agus dóchas gabhálach Raise The Road, aniar aduaidh orm. 

Beidh an seó beo go diail ar fad, déarfainn.

Grianghraf: Kila.

Dysania – An Lá Ba (Féineisithe)

Tá a gcéad albam eisithe ag na racadóirí portaigh Dysania as Muineachán/Conamara agus nach mór 10 mbliana caite ón uair a sheoladar a nEP début An Treo Eile chugainn ag NÓS in 2015. 

Tús maith a bhí san EP úd ach ag an am sin mheasas féin nach dtagadh feabhas ar chaighdeán an amhráin Gaeilge nuachumtha gan ruainne beag féinscrúdaithe acu siúd, idir pholaiteoirí, iriseoirí agus chraoltóirí, a bhí i dteideal cúrsaí cultúrtha a chothú, a spreagadh agus a scagadh. Tá an-chuid tar éis titim amach ó shin, idir mhaith agus olc (braithimid uainn go mór thú a Rónáin Mhic Aodha Bhuí), agus má tá feabhas éigin tagtha ar chúrsaí maidir leis an gceol Gaeilge nuachumtha le deich mbliana anuas is fánach fós an tacaíocht atá ann dó ar bhonn praiticiúil lasmuigh de chúpla eagraíocht agus imeacht laistigh de shaol na Gaeilge féin. 

Díríonn amhráin An Lá Ba ar chúrsaí an tsaoil seachas cúrsaí ceoil, agus tugtar le fios go neamhbhalbh gur in olcas atá rudaí imithe d’aosaigh óga na hÉireann le linn na tréimhse. 

Amhráin iad seo a thugann go paiseanta agus go paiteanta faoi théamaí a bhaineann leis an ngéarchéim tithíochta — ‘Títhe folmha ar fud na tíre agus pócaí an stáit lán’ (‘Spéirling’) — biogóideacht, meabhairshláinte agus an costas maireachtála thar rac-cheol Gaelach eachtrúil a thiontaíonn ó thaobh amháin go taobh eile an bhóthair gan titim isteach sa chlaí. 

Is leis na focail ‘Tá mé miserable/Tá mé uaigneach/Tá mé tuirseach’ a chuireann Josh Mc Phillips tús le céadamhrán an albaim, ‘Titim I bhFuath’. Níl íoróin ná áibhéil i gceist – seo amhrán cumhachtach fé smaointe féinmharaithe a bhfuil tuile chumhachtach agus tráth cumhach ann. 

Ar an lámh eile tugann an ‘Macalla’ funcaí fíneáilte aitheantas do thábhacht slánaitheach an sesh i dteannta do chairde nuair atá an saol i do choinne ‘One big trip of fucking magic shit/The gaff was lit with fucking savage riffs’. 

Ceol cliste sultmhar é seo ó ghrúpa atá ag saothrú ina ngort féin ( ‘Seo é an rogha, ní bhfaighimid an barra gan an talamh a threabhadh’, mar a chanann Aindriú de Buitléir ar ‘Seilbh’). Dorn san aer.

Froid Dub – Tears Maker Chant (Ransom Note)

I measc na n-oícheanta rince a reáchtaigh an dioscmharcach clúiteach Andrew Weatherall (nach maireann) le linn a shaoil bhí oíche darb ainm A Love From Outer Space. Dhíríodh Weatherall is a chomrádaithe ar rogha rianta dioscó cosmach (blas an dubcheoil orthu go minic ar shlí amháin nó ar shlí eile), agus dhéanaidís iarracht gan aon cheirnín a sháródh luas 120BPM a chasadh d’aon ghnó. 

Bhaist Weatherall “drug-chug” ar an stíl úd, is shamhlófá go mbeadh an ceirnín nua seo de chuid an díséid Fhrancaigh Froid Dub (Stéphane Marche and François Bodin) in mhála ceirníní aige dá mbeadh se fós ar an bhfód.

Amhráin dhub-dioscó ligthe fhuarchúiseacha a bhíonn ag putháil ar luas 80-100BPM atá le clos anseo. Ceol é atá faoi chomaoin san am céanna ag fuaim dhigiteach an luathcheoil reigé dancehall (tá ‘On The Nose’ bunaithe ar ‘Sleng Teng’ de chuid Wayne Smith), ag an saghas ceoil indie chorrchnámhaigh á bhíodh á eisiúint ag ceirníní Factory go luath sna 80idí agus ag eachtraíocht shonach leithéidí Muslimgauze agus Shackleton.

Mionalbam le fuaim mhór.

Chuck D – Chuck D Presents Enemy Radio: Radio Armageddon (Def Jam)

Ceann feadhna an ghrúpa hip hap reibiliúnach Public Enemy is ea Chuck D, agus an fear leis an gcur i láthair is údarásaí sa seánra (taobh le KRS-One, b’fhéidir).

Feileann Chuck is a chomhghleacaí Flavor Flav go hiontach dá chéile toisc a dhifriúla is atá siad. Bíodh is nach bhfuil Flav i láthair ar Chuck D Presents Enemy Radio: Radio Armageddon ní albam aonair é, i ndáiríre. Rollchóstóir de chnuastéip atá i gceist, é lán de bhuillí funcaíáilte hip hap na seanré agus caimeonna ó aoirapálaithe idir shean (Schooly D, Daddy O as Stetsasonic, Donald D) agus nua (Miranda Writes, The Impossebulls).

Féimheacht mhorálta ár linne atá faoi chabaidil, ní nach ionadh. Fimíneacht agus mí-úsáid chumhachta mar a dtuigtear don duine gorm iad i SAM 2025, go háirithe. 

Raic fhuncaíáilte fhíréanta.

Cnuasach na Míosa

Ceoltóirí Éagsúla – Astral Projections (Alien Communications)

Cad é seo, go díreach?

Sárbhailiúchán de cheol leictreo curtha le chéile ag Alien Communications, dream a bhíonn ag reáchtáil cóisirí leictreo i nDún Éideann agus i Londain. 

Bí ag súil le func leictreonach neamhaí ó laochra leictreo na linne seo leithéidí E.R.P., Radioactive Man, Carl Finlow agus Reptant. 

An bhfuil aon mhaith ann?

Más réasúnta simplí atá plean dearaidh an cheoil leictreo (rithimí sioncóipithe meicniúla tógtha ar an Roland TR-808, airpeitsí sintéiseora, dordlínte seicheamhacha) ar nós an Peugeot 205 féin is deacair é a shárú. 

Tá binneas lonrach ag baint le rianta E.R.P., Transparent Sound agus Dominic Cappello anseo. 

Saghas poll draoibe lán d’fhoinn nathracha 303 atá i gceist le ‘A Glimpse Inside The Vortex’ de chuid Reptant. Ar an taobh eile den scéal tá blas milis an italo-dioscó ar ‘Underneath’ le Fasme. 

Cloínn poirt Moy, Carl Finlow, Plant 43 agus DMX Krew freisin leis na hardchaighdeáin a shonraítear sa Choinbhinsiún um Fhunc Idir-réaltrach.

Laigí: Más anseo don leictreo atáir, níl.

An breithiúnas? Is fearr le 87% de robait daonnóideacha Astral Projections ná haon chnuasach ceoil eile!

SCÉALTA EILE