The Cure – Songs of a Lost World (Fiction/Polydor)
Tá Songs of a Lost World ar an gcéad albam atá eisithe ag The Cure le sé bliana déag anuas. Más ‘fan’ de chuid an ghrúpa tú, samhlaím go mbeidh tú ag fiafraí díom cén Cure atá chugainn an babhta seo.
Bhuel, ar nós na mórchoda den albam Desintegration (1989) dá gcuid, is amhráin mhóra mhalla eipiciúla atá ag The Cure dúinn anseo ach gan aon rud chomh rómánsúil le ‘Lovesong’ a bheith le clos, ná chomh spórtúil le ‘Lullaby’. Cuireann fuaim bhriosc ghéar na n-amhrán seo an fadsaothar Pornography (1982) i cuimhne dom chomh maith. Fuaim mhonacrómach í, stíl a fheileann d’ábhair na n-amhrán: bás agus uaigneas, imreas agus aiféala.
Bhain Robert Smith aois na dtrí scór amach in 2019. Seanfhear ag iarraidh ciall a dhéanamh den saol, agus ag teip air, atá le clos ar amhráin Songs of a Lost World.
Deir Smith gur ag trácht dá shaol féin atá sé sna liricí, ‘This is the end of every song that we sing/The fire burned out to ash/The stars grown dim with tears’ (‘Alone’) ach leis an saol mar atá i láthair na huaire, agus é níos fusa deireadh an chine dhaonna a shamhlú ná deireadh an chaipitleachais, is furasta tuiscint níos uilíche a bheith agat orthu.
‘Left alone with nothing, the end of every song,’ a chanann Smith mar líne dheiridh an tsaothair (‘Endsong’). Más deireadh é Songs of a Lost World le ré The Cure is clabhsúr aoibhinn domhain é.
Moin – You Never End (AD93)
Bhí blas crosta agus trodach ar cheol féitheogach an tríréid postrock Moin (Tom Halstead, Joe Andrews agus an cnagcheoltóir sármhaith, Valentina Magaletti) a thaitin riamh liom.
Níl aon ghéilleadh stíle i gceist lena dtríú halbam, ach bronnann an scata beag aoi-amhránaithe atá le clos anseo is ansiúd thar an 11 rian fócas agus fuinneamh ar leith ar You Never End mar shaothar.
Duine acu ná Olan Monk as Conamara, fear a bhfuil le clos ar an gcéadamhrán, ‘Guess It’s Wrecked’ (tabhair cluas dó má thaitníonn ceol King Krule leat).
‘I just wanna say I really appreciate this cos nobody ever asks to use my voice for a track,’ a deir an t-ealaíontóir Meiriceánach ag tús an amhráin ‘Lift You’. Beifear ag iarraidh uirthi as seo amach óir tá blas an phoirt úid saghas cosúil le bheith ag éisteacht le Kim Gordon ag reic thar cheol Fugazi.
Fracture – SlOW0860 (Astrophonica)
Ceol jungle agus hardcore na 1990idí athshamhlaithe mar cheol timpeallach (‘ambient’) gan bhuillí (don chuid is mó) atá i gceist leis an albam seo de chuid úinéir cheirníní Astrophonica, Charlie Fracture.
Saothar é atá faoi anáil fhuaim Chill Out(1990) de chuid KLF — mar a admhaíonn Fracture féin – ach más turas samhailteach thar oíche ó Texas go Louisiana a bhí i gceist le Chill Out tá SLOW0860 lonnaithe sna ceapa árdstóracha in eastáit tithíochta bhochta Londan – is iad sin ná láithreacha óna mbíodh stáisiúin bhradacha raidió na cathrach ag craoladh roimh thús ré an Idirlín.
Má dhein KLF sampláil, mar sin, ar Elvis Presley, Fleetwood Mac, Acker Bilk, Van Halen, agus 808 State ar Chill Out is iad glórtha na MCanna a bhíodh le clos ar stáisiúin mar Kool FM agus Weekend Rush atá leat ar SLOW0860. Más minic a chloisfeá gáir an lóma mhóir ar rianta timpeallacha agus house na 1990idí, níl mar chomhluadar éan agat ar SLOW0860 ach faoileáin na cathrach amuigh ar leac na fuinneoige agus an ghrian ag éirí ar lá liath eile i Londain.
Sé athmheascán de rianta ón albam 0860 (ar bhí ar cheann d’albaim na bliana 2022 domsa) atá le clos ar SLOW0860 chomh maith le 14 rian nuachumtha. Colláisí fuaime atmaisféaracha a bhfuil meascán máistriúil orthu a mhaireann ar feadh uair an chloig déanta ag Fracture.
Má bhaineann tú sásamh as na sealanna ciúine ar albaim Burial, Actress nó Crypticz éist leis seo.
Gitkin – Golden Age (Wonderwheel)
Il-ionstraimí agus amhránaí é Brian J Gitkin as Brooklyn, Meiriceá. Tá cáil air mar bhall den ngrúpa Pimps Of Joytime ach is ag díriú ar cheol uirlise ina bhfuil béim ar leith ann ar ról an ghiotáir a bhíonn sé agus é i mbun taifeadadh mar Gitkin.
Is léir ó fhuaim shuairc Golden Age go bhfuil Gitkin meallta ag func New Orleans na seanré (Meters, Dr John), ag stíleanna ceoil as Meiriceá Theas mar cumbia agus chicha, agus ag ceol Tuargach na hAfraice Thuaidh ina gcóimhéid.
Má mheasann tú go mbeadh sé sin saghas cosúil le ceol Khruangbin, bhuel, tá – ach é rud beag níos scaoilte agus níos gealgháirí ar phoirt mar ‘Tall Oaks Drive’ agus ‘The One’ (píosa a bhfuil macallaí de cheol Black Sabbath le sonrú ann chomh maith).
Func blasta grianbhruite.
Cnuasach na Míosa
Ceoltóirí Éagsúla – Magnífico Boogaloo (Vampisoul)
Cad é seo, go díreach? Más i Nua Eabhrac ag tús na 1960idí a rugadh an ceol Boogaloo níorbh fhada go raibh an stíl mheidhreach mhilis á cleachtadh ag grúpaí ceoil fud fad Mheiriceá Theas.
Seo bailiúchán ollmhór de cheol boogaloo as Peiriú na 1960idí agus na 1970idí (22 rian ar fad) curtha le chéile dúinn ag lipéad Vampisoul na Spáinne.
An bhfuil aon mhaith ann? Ní mór an giúmar ceart a bheith ort chun éisteacht le boogaloo, gan amhras, ach sa chás go mbeadh cúpla manglam caite siar ag an gcomhluadar agus cíocras orthu na bundúin a bhogadh dá bharr is deacair an boogaloo a bhualadh!
Cé go mbíodh sé de nós ag amhránaithe boogaloo Nua Eabhrac mar Joe Cuba agus Pete Rodriguez canadh as Béarla babhtaí, is í an Spáinnis amháin atá le clos ar amhráin Magnífico Boogaloo. Measaim féin go bhfuil an teanga úd seo níos dílse d’fhuaim Afra-Chúbach, agus cuireann leagan Santiago Silva den amhrán cáiliúil ‘El Pito’ de chuid Joe Cuba beocht nua in amhrán a mheasas i gcónaí a bheith rud beag rómhilis ina bhunleagan.
Tá leagan uirlise an ghiotáraí Pancho Acosta de ‘Summertime’ de chuid George Gershwin ina phléisiúr, tá tathag taitneamhach i bhfuaim rithimiúil lán-dorda ‘Peruvian Boogaloo’ de chuid Melcochita agus tá ‘Rumba A Gogo’ de chuid an Melcochita céanna iontach éadrom aerach.
Laigí? Beidh órt na manglaim a aimsiú daoibh féin, faraor!
An breithiúnas? Blosc breá boogaloo d’éinne a bheadh ag lorg a thuilleadh den cheol sin a chualadar sampláilte ar ‘I Like It’ le Cardi B.