Elijah Minnelli – Perpetual Musket (Fat Cat)
Bíonn mo chluasa ar bior i gcónaí do cheol nua ó Elijah Minnelli ón uair a chuala mé fuaim thaibhsiúil dub-cumbia a chéadcheirnín ‘Bebé Durmiendo Cumbia’ in 2019.
Is cliste an cur chuige atá aige ar an mionalbam seo, agus ceathrar amhránaithe reigé na stíleanna roots agus dancehall meallta doras an stiúidió isteach aige chun amhráin a bhaineann le traidisiún amhránaíochta ceol tíre na Breataine a chrochadh ar mhinicíochtaí réchúiseacha reigé.
Tá údarás ag baint leis an amhrán frithchogaidh ‘Vine and Fig Tree’, tógtha ón Sean-Tiomna an chéad lá agus canta anseo ag Little Roy, a bhainfeadh stad, mheasfá, as Benjamin Netanyatu féin.
Tugann Earl 16 faoi leagan tiarnúil den amhrán ‘Lifeboat Mona’ le Peggy Seeger (mar a dhein Luke Kelly féin, tráth) – iarracht atá mollta go hard ag Seeger féin.
Níl i gceist le Perpetual Musket ach ceithre amhrán agus ceithre leagan dubcheoil ach ambaiste, ceol gleoite atá ann.
Kessoncoda – Outerstate (Gondwana)
Cé gur bhunaigh an cumadóir/trumpadóir, Matthew Halsall, Gondwana Records in 2008 mar ardán don snagcheol anamúil i dtraidisiún Pharoah Sanders agus John Coltrane a bhí á sheinm aige féin agus an sacsafónaí Nat Birchall ag an am, tá leathnú suntasach tagtha le deich mbliana anuas ar na stíleanna ceoil a bhíonn á soláthar ag an lipéad.
Baineann an dísreach Kessencoda as Londain (Tom Sunney, drumaí, agus Fil Sowa, méarchláir) leis an nglúin sin snagcheoltóirí comhaimseartha (GoGo Penguin, Portico Quartet) atá chomh báúil sin do cheol indie/leictreonaice Radiohead, Mogwai, agus Clark, agus a bhfuilid do shnagcheol Eorpach leithéidí Esbjörn Svensson Trio.
Saothar dinimiciúil léirithe go stíliúil.
Xylitol – Anemones (Planet Mu)
Air seo, a halbam début ar lipéad Mike Paradinas, µ-Ziq, díríonn Catherine Backhouse (Xylitol) ar chumasc de cheol leictreonach tiomáinte ag rithimí fíochmhaire jungle a chuirfeadh ceirníní Squarepusher nó Amon Tobin le linn na tréimhse 1996-1998 i gcuimhne duit.
Ach má bhí Squarepusher agus Tobin faoi gheasa, faoi seach, ag an gceol jazz-funk agus fuaim bossa nova na Brasaíle, an cor sa scéal i gcás Anemones ná dúil Xylitol i gceol krautrock/kosmiche na Gearmáine agus ceol nuathonn na hIúgslaive sóivéidí.
Diamant garbh d’albam, lán de bhuillí briosca agus foinn chriostalta.
Albam Atheisithe na Míosa
Beastie Boys – Ill Communication (Capitol)
Tá ardmheas agam ar obair léiriúcháin na Dust Brothers ar an albam Paul’s Boutique de chuid Beastie Boys ach bhí Ill Communication riamh ar an albam dá gcuid is cóngaraí dem’ chroí.
Idir an ‘Get It Together’ géagscaoilte i dteannta Q-Tip (A Tribe Called Quest), an ‘Sure Shot’ dochreidte funcaí bunaithe ar an sampla milis sin de fhliúiteadóireacht Jeremy Steig, punc ‘Tough Guy’ agus an ‘Sabotage’ gan sárú, gan trácht ar phíosaí uirlise mar ‘Sabrosa’, tá Ill Communication ina seoid chríochnaithe.
Má tá €100 le spáráil agat aimsigh an leagan 3x ceirnín vinile seo atá chugainn mar cheiliúradh ar eisiúint an albaim cothrom an lae seo 30 bliain ó shin. Tá an rud ar fad athmháistrithe, agus tá athmheascáin, leaganacha beo agus rianta ó chúil na singlí le clos. Muna bhfuil (mise ach oiread!), aimsigh seanchóip ar €5 ar Discogs.
Cnuasach na Míosa
Kampire Presents: A Dancefloor In Ndola (Strut)
Cad é seo, go díreach? Tá cáil ar an DJ Saimbiach Kampire as na seiteanna dioscmharcaíochta tomhaiste atá seinnte aici ag an bhféile Nyege Nyege in Uganda le deich mbliana anuas.
Cé go seineann Kampire rogha leathan de cheol na hAfraice sna seiteanna úda, ó fhuaimeanna na 70idí agus na 80idí go dordcheol an lae inniu, i gcás A Dancefloor In Ndola díríonn sí ar seanstíleanna den sórt a bhíodh le clos agus í ag teacht in inmhe in Ndola, Saimbia.
Tá idir rumba, soukous, kalindula agus bubblegum le clos, agus béim ar leith leagtha ag Kampire ar cheol banlaochra mar Pembey Sheiro, Feza Shamamba agus Princesse Mansia M’bila.
An bhfuil aon mhaith ann? Níl sárú ar phoirt ghasta soukous mar ‘O Wina Tienge’ de chuid Princess Aya Shara nó ‘Ngoma Mansia’ le Princesse Mansia M’bila más é luascadh na gcromán agus croitheadh an bhundúin aidhm na hoíche agat.
Tá func leachtúil nathrach ‘Kimbera’ de chuid Bwaluka Funders Band ina phléisiúr. Cuireann leagan kwaito house an African House Party Project de ‘Peacock’ de chuid Splash fuinneamh nua san amhrán gan aon easpa measa ar an mbunleagan a bheith i gceist.
Is blasta iad armóintí gutha International Zaistars & Nene Tshaku na Nigéire ar an ‘Je t’Aime Au Pluriel’ beoga anamúil.
Laigí? Ós rud é go bhfuil cáil ar Kampire as a cumas chun ceolta Afracacha éagsúla a mheascadh le chéile go slachtmhar, is deis curtha amú é, b’fhéidir, nach bhfuil leagan measctha den rogha curtha le chéile aici.
Tá blas róláidir an fromage ar ‘Ririmi Rotsombela’ le Di Groovy Girls domsa.
An breithiúnas? Seoda suáilceacha don tóraí taisce.