Albaim na Míosa le Ben Ó Faoláin – Meán Fómhair 2024

Súil Amháin (léirithe ag Bantum) – athPhORT (Féineisithe)

Cloistear Ciarraí agus Corcaigh ag obair as lámh a chéile ar an bhfadcheirnín début millteannach maith seo le Séamus Barra Ó Súilleabháin na Ríochta léirithe ag Ruairí Lynch (Bantum). 

Friotal agus greann dóite de réir stíl mhuintir Chorca Dhuibhne atá romhat,  tagairtí glice do mhiotaseolaíocht ársa na nGael ach machnamh urramach, leis, ar an miotas nua-aoiseach a bhaineann le saol na nGael  ar imirce go Sasana.

Is cuma Séamus Barra ag spalpadh rannta ar luas na smaointe thar bhuillí crunk (deisceart salach, más fearr leat) ar ‘Incantation of Féile-Flow Funk’ nó ag déanamh gaisce thar bhuillí boom-bap, cloisim rud éigin nár thugas fé ndearadh cheana gach uair a éistim le AthPhORT.

Táimse ‘mo chodladh, ní theastaíonn uaim bheith woke,’ a deir sé ar ‘Viva Liobarnach’. 

Ar ‘Oíche Mhaith’, amhrán i gcuimhne ar a mháthair, tá Ó Súilleabháin ‘chomh seiftiúil le MacGyver’ le ‘páipéirí nuachtáin’ agus ‘cúpla firelighter’. Dá fheabhas iad na línte greannmhara bíonn tocht im’ scornach i gcónaí tar éis na líne, ‘Anocht tá an saol is a mháthair dubh dorcha, tá an tinteán istigh chomh fuar le sioc’ ón amhrán céanna.

Caith uaibh an Drake is éistíg an Goth Frake!

julie – My Anti-Aircraft Friend (Atlantic)

Chualas ceol an ghrúpa julie L.A. den chéad uair is mé ag éisteacht le déanaí le clár raidió ar NTS dírithe ar fhuaim an cheoil shoegaze sa bhliain 2024.

Début uaillmhianach é My Anti-Aircraft Friend. Tá faobhar agus loinnir grunge-pop ar fhuaim an albaim a shamhlaímid leis an léiritheoir is innealtóir Butch Vig (Nirvana, Smashing Pumpkins) i mbarr a réime. Ó thaobh struchtúr an cheoil de, tá julie go mór i bhfiacha le luathcheol My Bloody Valentine (mheasfá gur Colm Ó Cíosóig féin atá le clos ag tabhairt crústáil do na drumaí ar ‘clairbourne practice’) ach tá blas na leochaileachta Gen Z ar an mbabhtáil idir amhránaithe an ghrúpa (Alexandria Elizabeth agus Keyan Pourzand) ar amhráin mar ‘thread, stitch’ a chuirfeadh The XX i gcuimhne do dhuine. 

Raic álainn, amhráin bhreátha – bí ag faire don dream seo ag féilte ceoil 2025.

Nusrat Fateh Ali Khan & His Party – Chain Of Light (Real World)

“Elvis s’agamsa is ea Nusrat Fateh Ali Khan,” a dúirt Jeff Buckley tráth faoin amhránaí qawwali a d’imigh ar shlí na fírinne go ró-óg sa bhliain 1997. Domsa freisin, bhí an t-amhránaí Pacastánach ar na hamhránaithe ab fhearr agus ab anamúla dá raibh riamh ann. 

Ní hamháin Ali Khan a bheith i mbarr a mhaitheasa ar an seisiún dearmadta seo ón bhliain 1990, ar thángthas air i gcartlann cheirníní Real World in 2021, tá fuaim ghlan shoiléir i gceist leis an taifeadadh a bhuí le hobair an cheoltóra Cheanadaigh Michael Brook ar na cnaipí fuaime.

Stuif iontach corraitheach atá sa cheol deabhóideach Súfaíoch seo – is cuma duine creidimh nó págánach tú – agus ní bheadh aon leisce orm Chain Of Light a mholadh mar thúsphointe d’éinne nach mbeadh amhránaíocht mháistriúil Ali Khan cloiste cheana acu.

Godspeed You! Black Emperor – “NO TITLE AS OF 13 FEBRUARY 2024 28,340 DEAD” (Constellation)

Tagairt do líon na bPalaistíneach a mharaigh Iosrael in Gaza idir 7 Deireadh Fómhair 2023 agus 13 Feabhra 2024 atá i dteideal albam úr an ghrúpa post-rock Cheanadaigh, Godspeed You! Black Emperor. 

Ba ghrúpa ainrialaitheach agus frithchogaidh riamh GY!BE, agus ar an albam aoibhinn brónach seo cuireann siad cruth fuaime ar an éadóchas faoin todhchaí atá ag luí go trom ar an saol mór faoi láthair. 

Olc i ndiaidh oilc, lá i ndiaidh lae – bheadh eagla ort an raidió a chur ar siúl ar maidin ach gan fonn ort neamhiontas cruachroíoch a dhéanamh d’fhulaingt an duine neamhchiontaigh ach oiread. 

Glaine ár gcroí, a dhaoine maithe. Neart ár ngéag, beart de réir ár mbriathar, agus Godspeed You! Black Emperor inár gcluasa ar mhaithe lenár meabhairshláinte.

Cnuasach na Míosa

Ceoltóirí Éagsúla – Miami Sound 2: More Funk and Soul Fom Miami Florida 1967-1974 (Soul Jazz)

Grianghraf: Ábhar bolscaireachta don cheirnín, Miami Sound 2: More Funk and Soul from Miami, Florida 1967-1974. (Creidmheas: Soul Jazz)

Cad é seo, go díreach? Ransú déanta den dara huair ag muintir cheirníní Soul Jazz Londain ar chartlann TK Productions Miami ar mhaithe le tiomsachán ollmhór de rianta func, sól, dioscó agus boogie den chéad scoth a chur faoinár mbráid.

Bunaithe ag Henry Stone ag deireadh na 1960idí, bhí an lipéad TK Productions (agus a iliomad folipéid) lárnach in éabhlóid cheol gorm Mheiriceá    ó fhunc griothalach dheireadh na 60idí go dioscó bríomhar síodúil na 70idí.

An bhfuil aon mhaith ann? Ní minic a bhíonn an dara heagrán de shraith tiomsachán níos fearr ná an chéad eagrán, ach tá sa chás seo. Ón soicind a bhuaileann an tsnáthaid an chéir tá ceann i ndiadh an chinn eile de sheoda críochnaithe chugat. 

Poirt iad a aithneoidh tú, seans, ó rianta na ndaoine a rinne sampláil orthu, idir ‘Favourite Song’ le Childish Gambino nó ‘Zulu War Chant’ le Afrika Bambaata i gcás ‘Clean Up Woman’ de chuid Betty Wright, abair, nó ‘Feelings For You’ le Cassius i gcás ‘All This Love That I’m Giving’ le Gwen McCrae. 

Tá fuaim dhioscó dochloíte ‘Do What You Wanna Do’ le T-Connection sampláilte ag Fatboy Slim faoi dhó, gan trácht ar Moodymann, ní bheadh ann do cheann de na rianta dioscó leictreonach is giorra dem’ chroí ‘Further Into The Future’ le Lindstrom & Prins Thomas murach dordlíne phort eile anseo, ‘Africano’ le Timmy Thomas. 

Ós ag caint ar cheol Timmy Thomas atáimid, tá ‘Why Can’t We live Together’ anseo ar cheann de na hamhráin frithchogaidh is fearr a chuala mé riamh.

Tá an dearadh clúdaigh agus na nótaí clúdaigh thar na bearta, leis.

Laigí? Tá 20 bliain caite ó d’fhógair muintir Soul Jazz go raibh sé d’aidhm acu an dara heagrán de Miami Sound a chur le chéile. É sin raite, b’fhiú fanacht leis.

An breithiúnas?  Níos cumhachtaí ná spéirling Milton!

SCÉALTA EILE