Albam aibí duairc A.S. Fanning

A.S. Fanning – Second Life


Iar-amhránaí leis an ngrúpa The Last Tycoons é an cumadóir amhrán A.S. Fanning as Baile Átha Cliath, atá ag cur fé anois i mBeirlín.

Samhlaigh go bhfuil deartháir soiniciúil, searbh ag Neil Hannon (The Divine Comedy) agus tá stíl Fanning agat.

Is é Fanning an deartháir duairc a bhí istigh ina sheomra leapa ag éisteacht le ceirníní Nick Cave agus Joy Division fad is a bhí Hannon agus a chairde ag rince timpeall na cistine go gealgháireach le ‘Jackie’ de chuid Scott Walker.

“Don’t just sit there feeling stressed, take a trip on the national express”, a chan Hannon.

Freagra Fanning, ar an singil ‘Carmelita’, ná “Does Mary pray for us, when we’re all strung-out on heroin, sittin’ down the back of the bus?”

Níl Fanning riamh chun barr chairt na singlí a bhaint amach, is fíor, ach is liriceoir aibí é ina shlí féin.

Leagan amhshamhlaithe é ‘Carmelita’ den amhrán leis an dteideal céanna de chuid Warren Zevon – agus tá sé go diail ar fad.

Amhrán faoi aindiúlach hearóine atá i ngrá le bean as Meicsiceo é bunleagan Zevon.

Maireann téama na handúile i leagan Fanning, atá suite i mBaile Átha Cliath an lae inniu, is Fanning ag canadh “the leeches at the door at 8 in the morning, man I can up your score, I do not want to fight that war.”

Is é ‘Carmelita’ an t-amhrán is corraithí ar Second Life, ach tá buaicphointí eile go leor le clos.

Le liricí mar “nothing needs explaining, just a feeling like you’ve never been gone” tugann an ‘Never Been Gone’ bláithchaoin go misniúil, tuisceanach faoi théama an bháis.

Casann an ‘Dark Star’ drámatúil an gnáthamhrán grá bun os cionn, Fanning ag canadh “I hope I made you hate me tonight”.

Bainfidh na línte “You turn with your face in your hands, can’t you act like a man – I promise you, baby, I can” – curtha i láthair nimhneach, bagrach ag Fanning – gáire dóite asat.

Tugann ‘That’s Where They Will Find You’ urraim d’oidhreacht ceoil Suicide agus Joy Division.

Tá macallaí den ndara leath den albam ‘Low’de chuid Bowie sa ‘Heron’ uirlise, gan a bheith ar comhchaighdeán leis, in aon chor, chaithfeá a rá.

Más gá locht eile a fháil ar an début breá seo is é nach bhfuil blas suairc snagcheoil an amhráin deiridh, ‘Louis Armstrong’, in oiriúint don chuid eile den albam.

Rian é a d’fheileadh níos mó do The Divine Comedy, fé mar a tharlaíonn.

N’fheadar, b’fhéidir go gcloisfimis Fanning agus Hannon i gcomhpháirtíocht amach anseo!

SCÉALTA EILE