Albam beag gleoite ó Juniore

Is fear é David Holmes, as Béal Feirste, arbh fhiú cluas le héisteacht a thabhairt d’aon rud a bheadh ar bun aige, bíodh ceol féinchumtha, athmheascáindj-meascáin eachtrúla i gceist, nó fuaimrianta curtha le chéile aige do scannáin mar ‘Oceans 11’, ‘Good Vibrations’ agus ‘Analyze That’

Ba bhuíochas le Holmes gur chuala mé an tríréad Francach Juniore den chéad uair, agus port dá gcuid roghnaithe ag Holmes d’fhuaimrian na sraithe teilifíse ‘Killing Eve’.

Ní nach ionadh go mbeadh Holmes agus leithéid Alex Turner Arctic Monkeys tógtha le stíl yé-yé noir, mar a thugtar air, Juniore. 

Reitreo gan náire, seo cumasc andúile d’eilimintí pop-cheol Francach na seascaidí agus rac-bhrutha na tréimhse céanna, le ceolfhoirniú milis agus fuaimeanna iontach sícideileach. 

Tá blas Turcach ar an ‘Walili’ uirlise beoga, agus tá ‘Bizarre’, amhrán le feadaíl mhisniúil a chuirfeadh ‘Morning Broadway’ de chuid an chumadóra leabharlainne Keith Manfield i gcuimhne duit, ina phléisiúr. 

Ní haon díobháil é go bhfuil guth fann amhránaí Juniore, Anna Jean, chomh mealltach le múruch, nó go bhfuil a cur i láthair chomh ceannasach le Francoise Hardy

Níl tuairim agam cad atá a rá aici, ach is cuma. 

Glac le ceol stíleach, exotique Junioremar gha gréine anuas ar ghnáthghníomhartha an tsaoil. Fiú muna bhfuilim ach ag siúl thar bráid Tigh Pháidí Uí Shé, nach féidir ligean orm féin go bhfuilim ag leadaíocht thart an Champs Élysées, abair?

Albam beag gleoite – sin é la verité!

Ta Un, Deux, Trois le Juniore le fáil anois ar cheirníní Outré.

SCÉALTA EILE