Bhí bá i gcónaí ag an laoch seo de cheoltóir le daoine imeallaithe – d’eisigh sé albam ar son bhundúchasaigh Mheiriceá sa bhliain 1964 darb ainm Bitter Tears – ach ní léiríonn aon rud an bhá seo níos fearr ná an meas agus an ceangal a bhí ag Cash leo siúd a bhí i ngéibheann.
Thosaigh an fear óg as Arkanas ag cur ceolchoirmeacha ar fáil i bpríosúin éagsúla ar fud na Stát Aontaithe ag deireadh na ‘50í ach ní go dtí go bhfuair sé an lámh in uachtar ar a fhadhb féin le drúgaí – a chuir isteach ar a shaol ceoil le linn na ‘60í – gur thaifead sé albam iomlán ó láthair phríosúin.
An charcair a roghnaigh sé ná Príosún Folsom i gCalifornia, an áit cheanna ar ar bhunaigh sé an t-amhrán íocónach ‘Folsom Prison Blues’ 13 bliain roimhe sin tar éis dó clár faisnéise faoin phríosún míchlúiteach a fheiceáil.
Ina chuideachta ar an lá a sheinn sé os comhair na bpríosúnach i mí Eanáir 1968 bhí June Carter, a phós sé ní ba mhoille sa bhliain chéanna, Carl Perkins agus an Tennessee Three.
Rinne siad dhá ghig ar maidin agus de réir gach tuairisc go ndeachnaigh a dtaispeántas ceoil go mór i bhfeidhm orthu sin a bhí i láthair.
Meascán den mhiotas agus den réaltacht, is amhráin ghriothalacha iad siúd atá ar an albam a chuidigh go mor le híomhá Cash mar ‘An Fear i nDubh’ a chruthú.
Seans go bhféadfaí a rá go bhfuil áibhéil áirithe i gceist le gnéithe den phearsantacht chéanna – ní dócha, mar shampla, gur scaoil Cash fear i Reno díreach chun é a fheiceáil ag fáil bháis, mar a deir ceann dá línte is iomráití – ach tá fírinne éigin le brath ann chomh maith agus chuir focail ábhartha amhráin ar nós ‘25 Minutes to Go’ agus ‘Cocaine Blues’ go mór le hatmaisféar na ceolchoirme, agus an albaim dá réir.
Cuireann Cash in iúl dá lucht éisteacht gur féidir leis cás na gcimí a thuiscint ach ag an am céanna cuireann sé siamaíocht ar fáil dóibh, éalú ó ghnáthshaol an phríosúin atá ag teastáil go géar uathu.
Tá beocht, faobhar ar leith ag an cheol ar an albam clasaiceach seo agus tagann a acmhainn grinn agus a léamh domhain ar an saol tríd na liricí agus an cur i láthair go soiléir.
Má thaithin na hamhráin go mór leis na fir i bPríosún Folsom, thaitin siad chomh maith céanna leis an lucht éisteachta nuair a eisíodh an t-albam féin roinnt míonna ina dhiaidh.
Thug an rath nua seo cic do shaol ceoil Cash agus chuir sé ar ais ar an bhóthar é i ndiaidh tréimhse ar an imeall.
Bhí an oiread sin éilimh ar an albam gur cinneadh taifeadadh príosúin eile a dhéanamh agus tháinig At San Quentin amach an bhliain dar gcionn.
B’eisiúint cheannródaíoch é ar go leor bealaí mar sin ach níos mó ná sin tá fíor-eisint Johnny Cash le cloisteáil ann.
A fhad is a bhíonn daoine ag éisteacht le At Folsom Prison, beidh lasair an laoich féin ag lonrú go geal.