Ina leabhar nuafhoilsithe faoi cheird na hamhránaíochta, Naked at the Albert Hall, deir Tracey Thorn (Everything But The Girl) nach rugtar an t-amhránaí i gcónaí leis an nglór a chloisfimid ina chuid amhránaíochta.
Dar le Thorn go roghnaíonn an t-amhránaí féin a stíl chur i láthair, agus is ionann an stíl sin agus an “glór” a shamhlaíonn éisteoirí leo mar amhránaí.
Tá an ceart aici – braitheann cumas amhránaíochta agus blas gutha ar ghnéithe éagsúla, cruth an chloiginn agus na téada gutha lenar rugadh sinn.
Agus a leithéidí Kate Bush, Elvis Costello, David Bowie, Bjork agus Brian Ferry luaite ag Thorn is deacair locht a fháil ar a cuid tuairimíochta.
Ní gá, is léir, go mbeadh glór nádúrtha ag amhránaí. Má tá sé ar a gcumas acu amhráin spéisiúla a chur i láthair go misniúil sa stíl a roghnaíonn siad éireoidh leo éisteoirí a thabhairt leo.
Ní hamháin go bhfuil amhráin spéisiúla beagáinín gann ar Bashed Out, albam uimhir a trí le Kate Stables (This Is The Kit) Winchester, ach éiríonn cur i láthair Stables tuirsiúil tar éis tamaill.
Tá glór deas, nádúrtha aici, ach uaireanta ní leor deas.
Taitneoidh glór alt-rock This Is The Kit le daoine a éisteann lena leithéidí José González (agus Aaron Brooking Dessner as The National ar na cnaipí bí cinnte go bhfuil Bashed Out léirithe go snasta), ach is obair chortha don gcuid eile againn éisteacht le Stables agus í ag cloí go daingean le stíl amhránaíochta atá go mór faoi chomaoin ag fuaim dhaoncheol (folk music) Shasana.
Amhránaí a bhfuil an-chumais aici í Stables, ach an gá di nach mór gach guta a thagann ina treo a lúbadh go camasach ina nóta tonnúil?
Tá blas na háiféise ar amhráin ar nós “Vitamins” – nach bhfuil slite níos fileata ann chun an t-árdú meanman a bhaineann le seal cois fharraige a chur in iúl ná línte mar “all we need, all we need, all we need, all we, is the sea, is the sea, cos the sea sorts you right out, does the sea”?
Saothar dos na díograiseoirí alt-rock amháin atá san albam seo.
Pic @ Lucy Sugden Smith