Albam gleoite ó thús deireadh
Léirmheas ar ALL le Yann Tiersen

Seoid náisiúnta é Yann Tiersen ina thír dhúchais, an Fhrainc, ach aithneoidh formhór na coda eile againn go deo é mar “mo dhuine a chum fuaimriain an scannáin Amelie” 

Ní mór dom féin a admháil go bhfuil neamhshuim déanta agam de cheol Tiersen ó thús an chéid, uair a chuala mé Amelie i bhfad rómhinic agus é á chasadh ar lúb ag duine de mo chomhghleacaithe, Francach a raibh dealramh aici le príomhcharachtar an scannáin, agus mé ag obair i gcaifé Bananaphoblacht i gCathair na dTreabh. 

Orm féin atá an locht. Mar a léirítear in ALL, 10ú halbam stiúideo Tiersen, tá réimse i bhfad níos leithne i gceist le cumadóireacht an fhir seo ná mar atá le clos ar Amelie, gan aon easpa measa ar bhlas aerach pianó agus cairdín-bhunaithe an fuaimriain úd a bheith i gceist. 

An rud atá i gcoitinne ag an dá shaothar ná cumas Tiersen fonn simplí a chumadh atá chomh nádúrtha, tarraingteach sin go measfá go raibh leath do shaoil caite agat ag éisteacht leis cheana féin. Tá éirithe le Tiersen breith ar fhírinne uilíoch le nótaí a phianó.

Tá ráite ag Tierson nach n-aithníonn sé teorainn idir an ceol clasaiceach agus popcheol. Tá sin níos soiléire i gcomhthéacs phailéid shonaigh leathan ALL ná mar a bhí ar a albam deireanach, an EUSA (2016) lom, pianó-bhunaithe.  

Cé go bhfuair Tiersen méid áirithe oiliúna sa phianó agus sa veidhlín chlasaiceach le linn a óige, bhris sé a veidhlín d’aon ghnó agus é ina dhéagóir tar éis dó bheith meallta ag ceol punc, The Stooges agus Joy Division.  

Mar sin, má chuireann nótaí an phianó ar ‘Templehof’ ceol Angelo Badalamenti don tsraith teilifíse ‘Twin Peaks’ i gcuimhne duit ná bíodh iontas ort go bhfuil an cuaifeach giotáir i dtreo dheireadh an phíosa níos cosúla le ceol Mogwai. 

Muna n-éiríonn le Tiersen tionchar na máistrí a mhúnlaigh a stíl chumadóireachta an chéad lá (Erik Satie, Michael Nyman, Philip Glass) a cheilt, agus ní dóigh liom go bhfuil sé ag iarraidh sin a dhéanamh, níl aon laghdú ar fhiúntas ALL dá bharr. Tá draíocht anseo, cinnte, agus cuid mhór de ná an éagsúlacht slite a dhéanann Tiersen a phíosaí a láimhseáil. 

Cabhraíonn sé go mór go bhfuil uirlisí agus amhránaithe, idir fhir agus mhná, difriúla in uachtar ó rian go rian, gan trácht ar ghiolcaireacht na n-éan ag teacht is ag imeacht thar fhad an tsaothair. 

Gluaiseann ALL go gleoite ó thús deireadh, ag cruthú spás suaimhneasach inar féidir maidí do mheabhrach a ligean le sruth.