Tá colúnaí Gaelg NÓS, Isla Callister, agus a banna ceoil TRIP tar éis a gcéad albam a thaifeadadh agus tá sluamhaoiniú ar siúl faoi láthair acu leis na costais a bhain lena dhéanamh a ghlanadh.
A Drop for Neptune is ainm don albam nua atá á chur le chéile ag an mbanna ceoil le ceithre bliana anuas. Tá “fuaim chumhachtach, thiomanta agus uathúil” ar an albam atá lán rianta traidisiúnta as Albain, Éirinn agus Manainn chomh maith le ceol nuascríofa comhaimseartha a chum TRIP iad féin.
Is ceiliúradh ceart é ár gcéad albam ar na traidisiúin ghaolmhara Cheilteacha atá in Albain, Éirinn, Manainn agus Northumbria. Tá ceithre bliana ann ó tosaíodh ar an obair agus tá muid ar bís é a roinnt le chuile dhuine,” a dúirt Isla le NÓS.
Casadh na ceoltóirí óga ar a chéile den chéad uair agus iad ag staidéar i Conservatoire Rìoghail na h-Alba i nGlaschú. Thosaigh siad ag casadh ceoil le chéile an uair sin agus anuraidh chrom siad ar albam a chur amach.
Chuir an phaindéim isteach ar an obair ach bhí an grúpa in ann an taifead a chur síos idir na dianghlasálacha in Albain i stiúideo Gloworm i nGlaschú.Tá súil ag TRIP go mbeidh siad in ann an t-airgead a caitheadh ar an taifead agus an t-airgead a chaithfear ar chur amach an albaim a chúiteamh leis an bhfeachtas sluamhaoinithe atá tosaithe acu ar Crowdfunder.
“Nuair a chuirtear na costais iomlán le chéile – an innealtóireacht, an meascadh, an máistriú, cíos an stiúideo, léiriú an dlúthdhiosca, obair ealaíne, an phoiblíocht agus eile – tá costas £4,800 le glanadh againn,” a deirtear ar an leathanach bailithe airgid.
Ní fhágfar na daoine a chabhróidh leis an mbanna ar an trá fholamh nó tá buntáistí ann don té a shínfidh an lámh. Beidh fáil ag lucht tacaíochta TRIP ar albaim shínithe, leaganacha digiteacha agus fisiciúla den albam, leabhar ceoil a bhfuil na rianta uilig atá ar an albam istigh ann, nó fiú an deis an banna a choimisiúnú le ceol a scríobh – ag braith ar an méid airgid a thugtar. Tá sonraí na mbuntáistí uilig ar an leathanach Crowdfunder.
“Bhí an 18 mí atá imithe tharainn deacair ar chuile dhuine agus bhí an-dúshlán ag baint le taifeadadh albaim san am sin. Tá súil againn an t-airgead a caitheadh agus an t-airgead a chaithfear a ghlanadh le cúnamh ár lucht éisteachta agus a bheith in ann an t-albam féin a chur amach i mí Eanáir 2022,” a deir TRIP.
Seisear ar fad atá sa mbanna ceoil: an fidléir Isla Callister, as Manann, a scríobhann i nGaelg do NÓS; an fliúiteadóir as Sligeach Tiernan Courell, atá ina sheaimpín Uile-Éireann; an boscadóir as Newcastle Michael Biggins, a bhuaigh an gradam ‘Ceoltóir Óg Traidisiúnta na Bliana’ ag gradaim an BBC i mbliana; agus Alasdair MacKenzie, Rory Matheson, agus Craig Baxter as Albain.
Tá ceol casta ag TRIP ag féilte móra traidisiúnta na Breataine, leithéidí Celtic Connections, Orkney Folk Festival, agus HebCelt chomh maith le féilte in Éirinn, an Eastóin agus an Fhrainc. Bhain an banna ceoil áit amach sa mbabhta leathcheannais sna BBC 2 Young Folk Awards freisin.
Eiseofar A Drop For Neptune ag ceolchoirm speisialta ag an bhféile Celtic Connections ar an 29 Eanáir 2022. Is féidir ticéid don cheolchoirm sin a cheannach anseo, agus TRIP féin a leanacht ar Facebook, Instagram, agus Twitter.