Albam ilchineálach uaillmhianach

A leithéid de sheachtain don cheol chomhaimseartha Gaeilge.  Le seoladh mixtape Kneecap agus eisiúint an tsár-albaim thuasluaite, ní bréag a rá go bhfuil borradh nach beag ar an cheol fhreacnairceach le tamaillín anuas.

Déardaoin, bhí de phribhléid agam a bheith i láthair ag an seoladh úd de chuid Kneecap, an grúpa hip hap atá i ndiaidh clú a bhaint amach mar gheall ar a liricí conspóideacha agus a ngaol ‘casta’ – déarfaimis – leis an chraoltóir náisiúnta. 

Ainneoin an ainteasa sa Sound House i gcroílár na hardchathrach, d’éirigh le buachaillí dalba Bhéal Feirste seó scothach a chur i láthair. Tá seitliosta lán fuinnimh lán grinn forbartha anois acu. Agus cúpla féile cheoil curtha díobh, tá feabhas suntasach tagtha ar an triúr Tuaisceartach óna gcéad oíche ar an ardán ag Gradaim NÓS ag tús na bliana.

D’imigh oíche Déardaoin agus tháinig maidin Aoine. Ceann tinn agus pócaí folmha, bhí orm aghaidh a thabhairt ar an obair. Fuascailt a bhí uaim agus mé sa bhaile istoíche, fuascailt a tháinig i bhfoirm Fís, an t-albam le Aeons a eisíodh an lá céanna.

Beidh seanaithne ag léitheoirí NÓS ar an chomharghrúpa leictreonach seo. Taobh thiar de tá an t-amhránaí iomráiteach Muireann Nic Amhlaoibh, agus an ceoltóir/léiritheoir éirimiúil Pádraig Rynne. Sa bhliain 2016, fuair a gcéad singil, Bealtaine, ardmholadh ar leathanaigh NÓS agus d’éirigh leis an ghrúpa duaiseanna a thabhairt leo ag Gradaim NÓS na bliana sin. Ba léir go raibh rudaí iontacha le teacht.

Osclaítear Fís go láidir leis an amhrán ‘Ar Snámh’. Tá nod don seantraidisiún ann, le curfá ‘Óro Mo Bháidín’ athchomhthéacsaithe thar chordaí preabacha, dordlíne shimplí agus buille ó mheaisín drumadóireachta – fonn a chuirfeadh saothar Kanye West aimsir 808s + Heartbreak i gcuimhne duit. 

Amhrán gealgháireach, gleoite, gonta é raon a dó, ‘Éalú’. Beidh tú faoi gheasa ag Nic Amhlaoibh is í ag ceistiú go saonta, “Cá bhfuilimid ag dul?” Is léir gur cuma léi ámh. “Tabhair leat mé le do thoil,” a deir sí, gan freagra na ceiste faighte aici fiú. Shuífeadh an t-amhrán álainn seo isteach go compordach ar aon seinnliosta samhraidh. 

Tá guth galánta Nic Amhlaoibh go mór chun tosaigh ar an traic thaibhsiúil ‘A Stóirín Bán’, ach é riastartha go héifeachtach ag Autotune ó am go ham; agus arís eile ar ‘Fé Scáth’ le Rynne ag tarraingt chuige go sciliúil na stíle íostaigh atá cloiste againn le traidhfil de bhlianta anuas ó leithéidí Jessie Ware agus James Blake. 

Tá rian na n-ochtóidí ar bhuaicphointí an albaim, ‘Cúramaí an tSaoil’ agus ‘Crann Taca’ dar liom, agus is deacair gan macallaí Kate Bush a chluinstin – ní drochrud é sin. 

Suimiúil go leor, filleann The Rubberbandits ar an rapáil agus iad mar aoi-amhránaithe le véarsa macarónach ar an amhrán céadluaite. Liricí cumhachtacha atá ar fáil ó bhéal Blindboy Boatclub a théann go mór i bhfeidhm ar an éisteoir – “You think you’re a failure, you’re your own jailor.”

Molaim duit éisteacht leis an saothar ilchineálach uaillmhianach seo – ní bheidh díomá ort. 

SCÉALTA EILE