★ ★ ★ 1/2
I dtús báire, cad é an scéal leis an stíl ghléasta úr atá ag Fontaines D.C. ó shínigh siad conradh le XL Recordings?
Mheasfá go bhfuil stíleálaí nua an ghrúpa tar éis teacht ar thrunca dearmadta lán d’éadaí, mascára agus spéaclaí gréine de chuid fhathaigh réabh na 90idí The Prodigy in áiléar oifigí XL. Nó an é gur iarradh ar an ngrúpa, atá ag cur fúthu i Londain anois, siúl tríd Camden Market agus éadaí a roghnú dóibh féin lena súile dúnta acu feadh na slí?! Agus ealaín chlúdaigh Romance? Gránna.
De ghnáth ní bhacfainn lena leithéid a lua, is é an ceol an rud is tábhachtaí. Ach braithim gur seift atá i gceist leis an athrú stíle atá chomh borb seo chun sinn a chur ag caint. Cleas ag lipéad XL chun bús a chruthú faoi Romance nach leor an ceol féin lena bhaint amach. Rud beag glioscarnach le haird an éisteora a bhaint den fhírinne nach bhfuil ceol Romance chomh difriúil sin ó Skinty Fia, i ndáiríre.
An difríocht is mó ó thaobh fhuaim an cheoil de ná go bhfuil dlús agus téagar ar leith ann a bhuí le hobair léiriúcháin James Ford (Simian Mobile Disco), fear a bhíonn taobh thiar den deasc fuaime ag Arctic Monkeys go minic is iad sa stiúideó, agus an té a dhein an obair léiriúcháin ar an albam is déanaí le Blur.
Fuaim í a bhfuil blas níos láidre an phopcheoil uirthi, d’fhéadfá a rá, agus forbairt a bheidh ina buntáiste do Fontaines is iad ag seinm i staideanna móra.
Ó thaobh théamaí na n-amhrán de, nílimid in Éirinn níos mó, nó fiú ag plé le saol na nÉireannach thar lear. Mol an óige agus tiocfaidh sí, a deir an seanfhocal, ach i gcás grúpaí indie-cheoil na hÉireann, mol an óige agus bogfaidh siad go Londain a bhí riamh fíor!
Níl tagairt anseo, mar sin, do charachtair ar nós an tiománaí tacsaí in ‘Boys In The Better Land’. Níl caint ach oiread ar ‘drinking with the tourists and fighting in front of ’em’ i mBaile Átha Cliath (‘Bloomsday’).
Albam é Romance, mar a deir dordghiotáraí an ghrúpa, Connor Deegan, a thugann faoi na háiteanna agus na rudaí eile, seachas Éirinn, ar féidir a bheith rómánsúil fúthu.
Lionsa níos leithne, an domhainmhachnamh céanna.
Grá in am an apacailipsis. Liricí níos teibí, níos uilíche agus, ambaiste, dornán beag popamhrán atá ina seoda cearta i gcás na singlí ar an albam a eisíodh cheana féin.
‘Starburster’ leis na buillí hip hap, téaduirlisí milse, agus reacaireacht leath-rapáilte Chatten. Grunge milis géagscaoilte ‘Here’s The Thing’ – aintiún críochnaithe atá calabraithe go foirfe don dioscó indie má bhí ceann riamh ann. An ‘Favourite’ grianmhar feothanach (le rif ghiotáir atá go mór faoi chomaoin ag ‘Push’ de chuid The Cure, chaithfeá a rá).
Tá gach ceann de na singlí difriúil óna chéile, gach ceann go diail. Ach seo an rud, tá Romance ar an gcéad albam de chuid Fontaines D.C. a chuireann leadrán orm in áiteanna.
Is leis na línte ‘into the darkness again, in with the pigs in the pen/God know I love yeh, screws in my head/I will be beside yeh, til you’re dead’ a chuireann Chatten fáilte romhat isteach. Canta i stíl Thom Yorke thar cheol a shamhlófá le The Cure (arís) i ré Faith is tús dorcha drámata leis an albam é an t-amhrán ‘Romance’ féin. Is é an trua é nach ndéanann Romance gealltannas an chéadamhráin seo a chomhlíonadh. Tá ceol iontach le clos ar Romance, mar a deirim, ach ní albam iontach é.
Tá ráite agam cheana nach dtiteann na rothaí de cheol Fontaines D.C. nuair a thiomáineann siad níos moille ach ní amhlaidh atá, domsa, i gcás amhrán mar ‘Motorcycle Boy’ agus ‘Horseness Is The Whatness’ anseo.
Níl aon rud fúthu a mheallann mo chluas.
Cuireann ‘Sundowner’ (canta ag giotáraí an ghrúpa, Conor Curley) an grúpa shoegaze Ride i gcuimhne dom, ach Ride sa tréimhse inar thosaigh a samhlaíocht ag teip orthu.
Tá ‘Bug’ ábhairín níos fearr, gan a bheith iontach, agus Chatten i mbun aithrise ar stíl amhránaíochta Morrissey.
Is breá liom nuair a labhraíonn Chatten go díreach le duine ar leith lena chuid línte. Sampla breá de seo ná ‘Death Kink’. Amhrán trom, teasaí i stíl King Krule é, leis an líne ghlic ‘When will you step into the room, out of your head?’ Ba bhreá liom dá ndéanfadh dream ar nós Chemical Brothers athmheascán fada scrofa air.
Táimidne, na Gaeil, mórtasach as an rath atá ar ghrúpaí “dár gcuid féin”, leithéidí Fontaines D.C., Lankum agus Kneecap ar an stáitse idirnáisiúnta. Cén fáth nach mbeadh? Ach ina theannta sin bíonn drogall orainn, braithim, locht a fháil orthu. Peaca beag salach, tréas cultúrtha de shaghas, atá i gceist lena leithéid a dhéanamh.
Ní baol do Fontaines D.C. – tá faobhar fuinniúil fileata ar roinnt mhaith d’amhráin Romance. Is ábhar díomá é, mar sin, nach dtagann siad le chéile sa tslí is go mbeadh sásamh níos mó le baint as éisteacht le Romance ó thús go deireadh.