Albam nua le seoladh ag Seo Linn sa samhradh

Beidh an banna ceoil Gaeilge Seo Linn ag dul ar camchuairt timpeall na hÉireann an mhí seo chugainn agus a n-albam nua Anuas le seoladh acu le linn an tsamhraidh. Beidh gigeanna móra an ghrúpa ar siúl in Dolan’s i Luimneach ar an 3 Iúil agus in Whelan’s i mBaile Átha Cliath seachtain ina dhiaidh sin ar an 10 Iúil. Tá dátaí eile na camchuairte i mbailte eile ar fud na hÉireann fós le fógairt acu.

Leaganacha nua d’amhráin thraidisiúnta na hÉireann a bheidh ar an albam nua den chuid is mó, a dúirt duine de bhaill an bhanna Keith Ó Briain le NÓS.

“Níl an dáta baileach socraithe againn do sheoladh an albaim nua Anuas ach beidh sé ag teacht amach an samhradh seo. Fógrófar an dáta go luath, ach idir an dá linn beidh go leor den cheol nua agus na hamhráin a bheidh le cloisteáil ar an albam á gcasadh againn ar an gcamchuairt seo timpeall na hÉireann. Tá an t-albam á thaifeadadh againn le dhá bhliain anuas, an bealach ar fad trí Covid, agus chuaigh go leor ama agus fuinnimh isteach ann. Tá muid an-sásta leis anois agus ag súil lena chur amach.

“An stíl atá leis an albam ná go bhfuil muid tar éis go leor seanamhráin a thógáil agus cuma agus cruth nua-aimseartha a chur orthu mar a rinne muid le ‘Óró Sé do Bheatha Abhaile’ agus ‘Siúl a Rún’. Tá cúpla ceann mall ann agus cúpla ceann sciobtha. Is breá liom an t-albam agus tá muid ag súil go mór leis an gceol a roinnt ag na gigeanna seo. Beidh blaiseadh deas ann den albam agus den cheol nua ag na coirmeacha ceoil. Níl dáta fógartha againn don seoladh oifigiúil go fóill, ach más maith le daoine an t-albam a fháil níos luaithe beidh sé á dhíol againn ag na gigeanna,” a dúirt sé.

Seo an chéad chamchuairt in Éirinn a bheidh ag Seo Linn ó bhuail an chéad ráig den víreas an tír seo in 2020. Tá gigeanna casta acu ag an bhféile Cheilteach Celtic Wave i dtuaisceart na hIodáile ó shin agus tá camchuairt déanta acu timpeall na hAstráile. Táthar ag súil go mbeidh an banna ceoil uilig le chéile don ghig mhór a bheidh ar siúl in Whelan’s agus an t-amhránaí agus ceoltóir Dáithí Ó Ruaidh le teacht abhaile go hÉirinn ó Vítneam i gcaitheamh an tsamhraidh.