Amhrán Breatnaise ar bharr na gcairteacha sa Bhreatain

Bhain amhrán Breatnaise de chuid iar-uachtaráin an pháirtí polaitíochta Plaid Cymru Dafydd Iwan an chéad áit amach ar chairteacha ceoil na Breataine níos túisce an mhí seo. 

Taifeadadh ‘Yma O Hyd’ (‘Fós Anseo’) den chéad uair beagnach 30 bliain ó shin, in 1981, agus eisíodh é dhá bhliain ina dhiaidh sin. Is mar gheall ar fheachtas ar son neamhspleáchas na Breataine Bige atá an t-amhrán i mbéal an phobail arís in 2020. 

Bhí Dafydd, atá anois 76 bliain d’aois, ina uachtarán ar Plaid Cymru, páirtí atá go mór ar son na Breataine Bige a bheith neamhspleách, idir na blianta 2003 agus 2010, agus bhí sé ina comhairleoir contae in Gwynedd ar feadh cúig bliana. 

Dúirt an t-amhránaí leis an BBC go raibh sé sásta go raibh ag éirí go maith arís lena amhrán i mbliana, amhrán a thaifead sé leis an mbanna ceoil Breatnaise Ar Log. 

Dúirt cathaoirleach na heagraíochta Sion Jobbins gur ón bpobal aníos a tháinig an smaoineamh an t-amhrán a chur i mbéal an phobail aníos. 

“Ba smaoineamh é a tháinig ó lucht ár dtacaíoctha astu féin, agus tá sé iompaithe ina aintiún neamhoifigiúil anois, agus cuireann sé áthas ar dhaoine,” a dúirt sé.

Castar an t-amhrán roimh chluichí baile na foirne rugbaí Scarlets. 

Tá cáil nach beag ar Dafydd Iwan sa Bhreatain Bheag ní hamháin mar pholaiteoir agus mar amhránaí agus cumadóir amhrán, ach mar ghníomhaí teanga freisin. Cuireadh príosún air in 1970 nuair a dhiúltaigh sé fíneálacha a gearradh air as comharthaí Béarla a loit a íoc. Chaith sé trí seachtaine sa phríosún mar chuid d’fheachtas Cymdeithas yr laith ar son cearta teanga. 

Fágann sé seo gur éirigh le lucht an náisiúnachais dhá amhrán a chur go barr na gcairteacha sa Bhreatain taobh istigh de mhí. I ndiaidh do ‘Come Out, Ye Black and Tans’ an chéad áit a aimsiú in Éirinn, chuaigh sé go barr na gcairteacha sa Bhreatain ag tús na míosa.

SCÉALTA EILE