Amhráin Eithne á gceol
ag ceolchoirm uaillmhianach 'Bilingua' i mBÁC anocht

Tá na hullmhúcháin deiridh ar bun ag na ceoltóirí a bheas páirteach sa cheolchoirm speisialta ‘Bilingua’ in ómós don amhránaí Eithne Ní Uallacháin, anocht in Ardeaglais Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath.

Togra uaillmhianach é ‘Bilingua’, a chuirfidh amhráin a chum Eithne agus amhráin thraidisiúnta ar chuir sí foinn úra leo, i mbéal amhránaithe ár linne.

Meascán de cheoltóirí agus d’amhránaithe ar imir Eithne tionchar orthu, agus ar sheinn sí leo thar na blianta, a bheas ar ardán sa phríomhchathair.

I mbun amhránaíochta beidh Karen Matheson, Muireann Nic Amhlaoibh agus Pauline Scanlon, agus beifear á dtionlacan ag an sárghiotáraí Briotánach Gilles Le Bigot, an cnagcheoltóir Mario n’Goma, Neil Martin ar an dordveidhil, an fidléir agus vióladóir Seán Mac Giolla Phádraig, mar aon le cuid dá clann, an fidléir aitheanta Gerry O’Connor agus a mac Dónal.

Tá ceolchoirm na hoíche anocht bunaithe ar an albam deireanach le hEithne Bilingua a seoladh ar lipéad Gael Linn anuraidh agus a tháinig amach tar éis 15 bliain de thost a lean i ndiaidh gur cailleadh Eithne go tragóideach in 1999.

Amhránaí agus ceoltóir fíorchumasach ba ea í Eithne a tógadh le Gaeilge i dteaghlach ceolmhar i gceantar Oirialla.

La

Ag am a báis, gan í ach 42, bhí Eithne ag obair ar dhá albam: a céad albam aonair agus an cúigiú halbam le Lá Lugh, ceann de mhórbhannaí na hÉireann sna 90í, a bhunaigh Eithne agus a fear céile Gerry.

Chuaigh ceol Eithne go mór i bhfeidhm ar Cholm Ó Síocháin (iarbhainisteoir an tsiopa chlúitigh Celtic Note i mBÁC) agus bhí sé féin lárnach sna hiarrachtaí chun an t-albam Bilingua, agus ceolchoirm na hoíche anocht, a thabhairt le chéile.

Mhínigh sé do NÓS gur cuireadh síol na ceolchoirme breis agus cúig bliana ó shin, am a thug Gerry diosca dó ar a raibh rianta taifeadta ag Eithne nár chualathas cheana

“Tar éis dom cluas a thabhairt dó, scaip mé an diosca i measc roinnt amhránaithe a d’éist le hEithne agus iad ag fás aníos, a thaifead amhráin léi agus amhránaithe eile a chan léi thar na blianta,” ar seisean.

D’iarr Colm orthu a gcuid tuairimí a bhreacadh síos faoin cheol a chuala siad agus faoi Eithne mar amhránaí.

Tá na nótaí a cruinníodh an t-am sin ar fáil sa lámhleabhar atá ag gabháil leis an albam.

“Bhí mé ag iarraidh spreagadh a thabhairt do Gerry an t-albam a chur amach, b’shin ceann amháin de na cúiseanna, ach cheap mé go raibh sé tábhachtach go mbeadh ceol Eithne á chur i gcomhthéacs a thabharfadh suntas dá hoidhreacht mar amhránaí,” a mhínigh Colm.

“Is deas go bhfuil amhráin Eithne anois á gcur ar ais i mbéil amhránaithe a d’éist léi agus a chan léi, mar Muireann agus Pauline a chuirfidh ceol Eithne i láthair do ghlúin óg éisteoirí nach raibh fáil acu air.”

Eithne-Jim-Maginn

Dúirt Muireann Nic Amhlaoibh gur iontach an rud é a bheith bainteach leis an cheolchoirm speisialta a aithníonn Eithne mar dhuine d’amhránaithe móra na tíre agus togra a bhfuil ball de chlann Eithne agus cairde léi páirteach ann.

“Mar phobal ceoil, braitheann muid uainn í i gcónaí, duine de phríomhamhránaithe ár linne í.”

Ag labhairt di mar gheall ar Bilingua, dúirt Muireann gur seoid é an t-albam sa traidisiún amhránaíochta.

“Ní dóigh liom go dtáinig aon albam amach roimis a thugann an seantraidisiún chun cinn leis an gceol nua-aimseartha ar shlí gur suíonn gach rud isteach le chéile go hálainn agus gan aon saghas achrainn ann,” ar sí.

“Seoid is ea Bilingua in ár traidisiúin anois beidh muid ag éisteacht léi go deo,” ” ar sí.

Cuirfear tús le ceolchoirm ‘Bilingua’ anocht in Ardeaglais Naomh Pádraig, BÁC, ag 8in. 

Tá ticéid ar fáil anseo.