Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch anseo in oifigí NÓS agus cheap muid go raibh sé chomh maith againn cuid den cheol atá ar sheinnliosta s’againn a roinnt libh ar an lá breá geal seo.
Amhrán deas gealgháireach é ‘Better Together’ le Jack Johnson Haváí ach tá sé níos tarraingtí arís agus é á cheol ag Emma Ní Fhíoruisce i dteanga s’againn féin.
Bean óg chumasach as Gaoth Dobhair í Emma – a bhí ar an ardán céanna le Eddi Reader ag tús na míosa – agus tá muid ag súil lena thuilleadh amhrán gleoite uaithi amach anseo.
Ceoltóir eile atá ag déanamh sároibre le déanaí ná fear na príomhchathrach Enda Reilly.
D’eisigh Enda albam nua ar an mhí seo caite ‘Amhráin Nua i nGaeilge’ agus tá an ceann seo ‘Cur an Long ag Seol’ le fáil air mar aon le 11 tiúin eile den scoth.
Agus má tá sibh ag iarraidh níos mó a chloisteáil ó Enda, beidh sé ag seinm ag an Chabaret Craicáilte, Teach Hiúdaí Bhig, Gaoth Dobhair, Dé Sathairn seo chugainn 26 Aibreán… hup!
Bainigí sult as an nuacheol Gaeilge a chairde!