Amhráin nuascríofa Ghaeilge á lorg do chomórtas idirnáisiúnta

Tá iarratais á lorg ó cheoltóirí agus scríbhneoirí amhrán don chomórtas Pan Cheilteach a bheidh ar siúl an bhliain seo chugainn i Leitir Cheannainn. Roghnófar an t-amhrán a chuirfear chun cinn  ar son na hÉireann ag comórtas náisiúnta i gCeatharlach i mí Mhárta na bliana seo chugainn. 

Is amhráin nuachumtha atá á lorg ag lucht na Féile Pan Cheilteach agus duais €1,000 agus trófaí le bronnadh acu ar an té a bhuafaidh an comórtas náisiúnta in Amharclann GB Shaw i baile Cheatharlach. 

Glacfar le hiarratais ar an gcomórtas as seo go dtí an 1 Feabhra 2019, agus cuirfear fáilte roimh gach saghas iarratais, idir amhráin thraidisiúnta, phop, rac, shnagcheol, rap agus cheol tíre agus seánraí eile nach iad. Ní mór do na hamhráin a bheith i nGaeilge agus gur focail agus ceol cumtha as an nua iad. 

Bíonn iomaitheoirí ó na sé náisiún Cheilteacha — Éire, Alba, an Bhreatain Bheag, Manainn, Corn na Breataine agus an Bhriotáin — san iomaíocht sa gcomórtas idirnáisiúnta a bhíonn ar siúl chuile bhliain. 

Bíonn suas le 20,000 duine i láthair ag an bhféile idirnáisiúnta, agus imeachtaí do cheoltóirí, amhránaithe, cumadóirí, damhsóirí, cóir, filí agus scéalaithe ann. Bíonn léachtaí, coirmeacha ceoil agus comórtais éagsúla. 

Anuraidh, bhuaigh iomaitheoirí na hÉireann an duais mhór, Emer O’Flaherty, Paddy Mulchahy agus Angelo Heart lena n-amhrán ‘Taibhse’. San am a chuaigh thart, thug Deirdre Ní Chinnéide, Gealbrí,  Art Ó Dufaigh agus Seán Ó hÉanaí agus Gearóid Ó Murchú an corn go hÉirinn lena n-amhráin Ghaeilge. 

Beidh an comórtas náisiúnta ar siúl Dé Sathairn an 23 Márta i Visual &  GB Shaw Theatre i gCeatharlach, agus an comórtas idirnáisiúnta i Leitir Cheannainn go gairid ina dhiaidh sin. 

Idir an dá linn, tá ainmniúcháin á lorg i gcónaí do Ghradaim Cheoil NÓS 2019 a bheidh ar siúl sa Sugar Club i  mBaile Átha Cliath mí Eanáir.

SCÉALTA EILE