Cloisfear amhrán Gàidhlig nár dúradh os ard le dhá chéad bliain ag Féile Idirnáisiúnta Scéalaíochta na hAlban an deireadh seachtaine seo.
‘Bás Chonnlaoich’ is teideal don amhrán agus insítear ann scéal mac Con Chulainn, Connlaoch (nó Connla), ar mharaigh a athair é trí thimpiste sa scéal Aided Óenfhir Aífe (Bás Aon-Mhic Aoife). Ba Albanach í Aoife a casadh ar Chú Chulainn agus é faoi oiliúint ag an laoch Scáthach in Albain roimh Tháin Bó Cuailnge. Fuair sé an ceann is fearr uirthi i dtroid agus faoin am a d’fhág sé Albain, bhí Aoife ag súil le leanbh. Nuair a tháinig an leanbh, Connlaoch, in inmhe chuaigh sé go hÉirinn lena athair a aimsiú, ach mharaigh Cú Chulainn i dtroid é sular aithin sé é.
Chaomhnaigh lucht bailithe béaloidis liricí ‘Bás Chonnlaoich’ trí na cianta ach cailleadh an fonn i bhfad ó shin. Tá deich leagan den amhrán le fáil i gcáipéisí éagsúla a cuireadh le chéile san 18ú hAois. D’oibrigh an t-amhránaí Gaelach Margaret Steward, an scéalaí Pàdruig Morrison, agus lucht léinn in Ollscoil Dhún Éideann agus Sabhal Mòr Ostaig as lámha a chéile le leagan traidisiúnta den amhrán a chur le chéile.
Chóirigh Pàdruig na focail don leagan nua agus é bunaithe ar bhéaloideas na nGael in Albain chomh fada siar leis an naoú céad. Chuir Margaret an fonn leis na focail a chóirigh Pàdruig agus í ag tarraingt ar a heolas fairsing ar cheol dúchais na hAlban.
Is ag an ócáid ‘Singing the Story: The Death of Connlaoch’, a bheidh ar siúl Dé Sathairn ag Féile Idirnáisiúnta Scéalaíochta na hAlban i nDún Éideann, a chanfar an t-amhrán den chéad uair le 200 bliain.
Is as Lèodhas i bhfíorthuaisceart an hAlban Margaret agus is cainteoir dúchais Gàidhlig í. Tá sí ar dhuine de phríomhamhránaithe Gaelacha na tíre sin agus tá saineolas aici ar amhránaíocht Ghaelach na hAlban. Is as Uibhist a Tuath é Pàdruig agus is de shliocht seanchaithe é. D’oibrigh an bheirt Ghael le Abigail Burnyeat, ó Roinn na Léann Ceilteach in Ollscoil Dhún Éideann, agus le Domhnall Uilleam Stiùbhart ó Shabhal Mór Ostaig leis an amhrán a chur le chéile.