Gach Aoine bíonn cluas á tabhairt againn le hamhrán nuachumtha Gaeilge ar leith.
An tseachtain seo, labhair Rónán ‘na rithimí’ Ó Snodaigh, aka príomhscléipire Kíla linn, faoina n-amhrán ‘Abair’.
Tá ‘Abair’ le cloisteáil ar an sár-albam Suas Síos, a thug leis Gradam Ceoil NÓS d’Albam na Bliana anuraidh.
Cineál de phaidir atá san amhrán, dar le Rónán, é a thionlacan go bríomhar aige ar uirlis neamhghnách, an wavedrum leictreonach.
Cé go bhfuil ceol Kíla fréamhaithe sa traidisiún, is banna iad a chuireann fáilte roimh éagsúlacht an domhain mhóir, ó thaobh uirlisí, ceoil agus cuideachta de.
Chomh maith le gigeanna i mBÁC agus Tír Eoghain an mhí seo, tá Kíla ag súil le gig a dhéanamh i dteannta réalta phop Kayahón ón Pholainn, i Sráid an Bhiocáire, BÁC ar an 22 Bealtaine.
An measann tú ar chuala sí Rónán ar an wavedrum go fóill, agus é a chasadh mar a bheadh bodhrán ann?!
Éistigí le ‘Abair’ agus léigh faoi thíos!
1) Cad é an cúlra atá ag ‘Abair’?
Chuir mé féin mé féin ag scríobh amhráin agus thosaigh mé ag scríobh ‘Abair dá mba rud é go raibh……’
Mhúscail an tsamhlaíocht. Chuir mé rithim bhríomhar Bhrasaíleach leis.
Rud éigin mar sin (gáire)!
2) Cad é mar a chuirfeá síos ar an amhrán?
Seachnaím ceisteanna mar seo, níl mé ach á chanadh ach bheadh spéis agam éisteacht le cad a cheapann daoine eile faoi.
Uaireanta tá sé níos éasca a rá díriú ar na rudaí nach ann dó.
Ní amhrán brónach é. Ní caoineadh é. Ní suantraí é.
Ach tá doimhneacht de chineál eile ann. Is cineál de phaidir é.
3) An bhfuil teachtaireacht ann?
Tá freagraí na paidre ann.
Liricí: Abair
Abair dá mba rud é go raibh paidir le do anam
Agus chuile rud a bhí uait i ndán duit
Abair dá mo rud é go raibh do cheisteanna dhá fhreagairt
‘S do fhadhbanna dhá réiteach i ngan fhios duit
Abair dá mba rud é go raibh sé éasca
Abair dá mba rud é go raibh aingeal le do thaobh
Abair dá mba rud é go raibh paidir le do anam
Agus chuile rud a bhí uait i ndán duit
Abair dá mba rud é go raibh chuile dhuine álainn
Agus nach raibh cúis eagla ar fáil duitse
Abair dá mba rud é go raibh tú éadrom
Abair dá mba rud é gurb shin mar a bhí an saol agat
Abair dá mba rud é agus tá
Abair go dtiocfaidh leat an lá
Abair gur féidir chuile rud a réitiú
Nuair a deireann tú gurb shin é mar atá uait
Mar atá uait
Mar atá uait
Abair mar atá uait
Abair dá mba rud é go raibh paidir le do anam
Agus chuile rud a bhí uait i ndán duit
Abair dá mba rud é go raibh cuisín faoi do dheireadh
Agus chuile uair gur thit tú gurb ann duit é
Abair dá mba rud é go raibh sé éasca
Abair dá mba rud é go raibh aingeal le do thaobh
Abair dá mba rud é go raibh paidir le do anam
Agus chuile rud a bhí uait i ndán duit
Abair dá mba rud é go raibh cluas an domhain le éisteacht agat
Agus chuile uair gur cheap tú gurb uait é
Abair dá mba rud é go raibh tú éadrom
Abair dá mba rud é gurb shin mar a bhí an saol agat
Abair dá mba rud é agus tá
Abair go dtiocfaidh leat an lá
Abair gur féidir chuile rud a réitiú
Ma deireann tú gurb shin é mar atá uait
Mar atá uait
Mar atá uait
Abair mar atá uait
Abair – cad tá uait
Faigh amach – cad tá uait
Lorg – cad tá uait
Agus faigh – cad tá uait
Agus faigh é roinn é.
Beidh Rónán i mbun cainte le Rónán Mac Aodh Bhuí ar a chlár inniu idir 3-4in!
Gigeanna le Kíla an mhí seo! Tuilleadh eolais anseo!
9ú aibreán – Purty Loft, Dún Laoghaire, BÁC
23ú aibreán – Alley Arts Theatre, An Sraith Bán, Co Thír Eoghain
30ú aibreán – Civic Theatre, Tamhlacht, BÁC