Là na Gàidhlig a bhí ann ar Twitter inné agus tá muid ag leanúint leis an téama inniu mar is amhrán i nGaeilge na hAlban atá roghnaithe againn mar ‘Amhrán na hAoine’ an tseachtain seo.
Is banna de sheisear buachaillí iad Mànran a tháinig de spreang isteach i saol an cheoil siar in 2011 lena dtraic bríomhar ‘Latha Math’.
Ó shin i leith tá a meascán de cheol traidisiúnta comhaimseartha agus liricí Gàidhlig is Béarla tar éis dul i bhfeidhm ar na sluaite agus tá lucht leanúna dílis cruthaithe acu dá bharr.
D’eisigh siad a 3ú halbam, An Dà Là, ag tús na bliana seo agus air sin tá an t-amhrán teidil aoibhinn seo thuas.
Scríofa agus á chanadh ag fear an Ghearasdain (Fort William), Ewen Henderson, insíonn ‘An Dà Là’ scéal an domhain mhóir mar atá faoi láthair – an síor-athrú, an pholaitíocht cham agus an gá le níos mó daonnachta agus níos lú sainte.
Tá teachtaireacht ann fiú do Donald Trump, iad ag impí air – i dteanga a mháthar – éisteacht leis an fhírinne agus stad den chaint ghránna.
Is frása é ‘An Dà Là’ a dhéanann tagairt d’athrú mór atá le teacht agus cá bhfios nach bhfuil an ceart acu?
Tá dóchas le mothú sa deireadh agus ar an iomlán is amhrán nuachumtha an-chumhachtach é, glór Ewen ina shuí go deas leis an réimse uirlisí a thugann beocht ar leith don rian ó thús deireadh.
Breathnaigh ar an fhíseán snasta thuas agus éist le ceann de na forbairtí nua corraitheacha atá ag tarlú i saol ceoil na nGael faoi láthair.
Is féidir tuilleadh eolais faoin ghrúpa a fháil ar manran.co.uk
Liricí ‘An Dà Là’ (Gaeilge na hÉireann thíos)
Seo mar chunna sùilean òga,
Ro-hò, thugaibh, thugaibh i-rì
A dh’fhairich saoghal bha trom, fo-bhròn
Ro-hò hì-o, hì-o
‘S mi a’ dìreadh sleibhtean Tìr na Fèinne
‘s a tearnadh coiltean bhailtean cèine.
Ana-ceartas air a chlèith,
Tha an t-àm ann ‘son a chuir an cèill
When those in power know no shame
The truth’s by any other name.
‘S bochd am beartas a thig gun truas
Tha an teanga blàth; tha ‘n crìdhe fuar.
A’ Dhòmhnaill Iain thar a’ chuain
Nach èisd thu ris an fhìrinn bhuaine?
Fawning legions, empty songs
Can’t hide a life of bitter wrongs
‘S olc do bhriathran gràineil, faoine
a thruailleadh mathas a chinne-daonna
As pain and terror cloud the view
The faceless steal the world we knew
Tha an dà là a’tighinn air an t-saoghal
Cò thèid an cuibhreach, cò bhios saor?
The bonds of blame can be undone
For the innocence of those to come.
Thig am fuasgladh an aghaidh an t-sruth
Bidh lamhan gaolach air an stiùir.
An dà là…
Bithibh dàna, bithibh treun.
Aistriúchán:
Seo mar chonaic súile óga,
A d’airigh saol a bhí trom, faoi bhrón,
Is mé ag dreapadh shléibhte Thír na Féinne
Is ag ísliú i gcoilte bhailte i gcéin.
Éagóir ceilte,
Tá an t-am ann ar son a chur in iúl
Is bocht an saibhreas a thagann gan trua
Tá an teanga te; tá an croí fuar.
A Dhòmhnaill Iain thar an fharraige
Nach éistfidh tú leis an fhírinne bhuan?
Is olc do bhriathra gráiniúla, baoithe
a thruailleodh maitheas an chine dhaonna
Tá an dá lá ag teacht ar an saol
Cé a bheas i gcuibhreach, cé a bheas saor?
Tiocfaidh an fhuascailt in aghaidh an tsrutha
Beidh lámha grámhara ar an stiúir.
An dá lá…
Bígí dána, bígí tréan.