Amhrán na hAoine


Aoine eile, amhrán nuachumtha Gaeilge eile!

An tseachtain seo is é an Duibhlinneach ceolmhar, agus fear atá aitheanta go maith i measc na nGael, Enda Reilly atá sa spotsolas.

Tá Enda ag cumadh agus ag canadh a chuid amhrán gleoite féin – i nGaeilge agus i mBéarla – le tamall de bhlianta anois agus tá EP úrnua, From the Live Stream, díreach eisithe aige.

Le trí mhí anuas tá an fear feasógach ag seinm beo ar líne uair sa mhí – ag sruthú a chuid ceoil i gcóngar is i gcéin – agus is bailiúchán é an EP de chuid de na hamhráin bheo sin.

Ina measc tá leagan nua dá amhrán aoibhinn ‘An Fháinleog’ agus is é atá roghnaithe mar ‘Amhrán na hAoine’.

Tá an taifeadadh seo den rian le fáil mar thraic breise ar an albam má cheannaíonn tú é óna shuíomh Bandcamp anseo.

Léigh faoin amhrán thíos, agus éist le Rónán Beo @3 ar RnaG inniu nuair a bheas Enda i mbun comhrá beo ar aer!

1. Cad é cúlra an amhráin?

Is saghas freagra atá ann ar an amhrán traidisiúnta ‘Beidh Aonach Amárach’.

Bhí mé ag smaoineamh gurb í an cailín céanna atá ag caint, ach í níos sinne anois.

Tarlaíonn rud draíochtúil nuair a sciobann an fháinleog ciarsúr an chailín, agus bíonn a fhios ag an mbuachaill go bhfuil sí ag teacht.

2. An bhfuil teachtaireacht ar leith ann?

Amhrán rómánsúil atá ann, agus is dócha go bhfuil sé ag rá go mbeidh an bua ag an ghrá sa deireadh.

3. An bhfuil líne ann a sheasann amach duit?

Tháinig an líne “Buachaill bó is é ar aonach, cailín óg tá sí déanach” chugam agus bhí orm ciall a dhéanamh as agus an t-amhrán á scríobh agam.

Is maith liom fuaim na líne.


Liricí: An Fháinleog

Buachaill bó is é ar aonach,
Cailín óg tá sí déanach,
Níl sí in ann bheith ann in am,
Is níl sé in ann fanacht,
Is níl sí in ann bheith in am inniú.

Fáinleog ard is é ag faire,
Tugann sé an scéal faoi deara x2

Eitlíonn an fháinleog chuici,
Is goideann sé a ciarsúr,
Eitlíonn an fháinleog chuige,
Is tá’s ag an mbuachaill bó,
Go mbeidh a chailín óg leis inniu.

Eitlíonn an fháinleog chuici,
Is goideann sé a ciarsúr,
Eitlíonn sé chuige,
Is tá’s ag an mbuachaill bó
Go mbeidh a chailín óg leis inniú.

SCÉALTA EILE