Amhrán na hAoine:

Gach Aoine bíonn cluas á tabhairt againn le hamhrán nuachumtha Gaeilge ar leith.

An tseachtain seo, labhair Doimnic Mac Giolla Bhríde linn faoin amhrán ‘Beatha Úr’, scríofa ag an fhile Albanach Niall Ó Gallchóir agus á cheol agus á thionlacan ag Doimnic féin.

Duine de bhuaiteoirí Chorn Uí Riada é Doimnic a bhfuil stór mór amhrán aige as Gaoth Dobhair agus Cúige Uladh.

Is nós leis le blianta beaga anuas foinn úra a chur le hamhráin thraidisiúnta a bhfuil na foinn leo caillte nó le dánta a mhaireann i bhfoirm focal amháin.

Dán bainise nuascríofa é ‘Beatha Úr’ a chum Niall Ó Gallchóir – file as Albain a bhfuil muintir leis anseo in Éirinn – i nGàidhlig agus a d’aistrigh deartháir le Doimnic, Eoghan Mac Giolla Bhríde, go Gaeilge.

Tá ‘Beatha Úr’ le cluinstin ar Sona Do Cheird, albam a thug leis Gradam Ceoil NÓS ag tús na bliana don ‘Albam Traidisiúnta is Fearr’.

Tabhair cluas le héisteacht le ‘Beatha Úr’ agus léigh faoi thíos.

1) Cén cúlra atá ag ‘Beatha Úr’?

Chum Niall an t-amhrán seo sular phós sé a bhean, Claire.

Is dán bainise é, nó epithalamium.

Cumadh dánta den chineál seo in Éirinn, cinn le Ó Rathaille, agus in Albain, cinn le hAlasdair Mac Mhaighstir.

Ritheann rithim fríd an dán, mar a bheadh amhrán ann, ina gcríochnaíonn deireadh gach líne ar an dóigh chéanna.

Tháinig Beatha Úr, an leagan amhráin de, chun cinn as oíche mhór cheoil ag Féile an Earagail, a tharraing filí na hAlban agus filí na hÉireann le chéile.

Amach as an spéir a tháinig an fonn!

2) Cén teachtaireacht atá ann?

Dóchas agus grá.

Bheireann an grá atá aige beocht d’achan abairt, rann is dán.

3) An bhfuil líne ar leith ann a thaitníonn leat?

An líne dheiridh:

Seo an grá gan smál atá eadrainn
a bheochas gach abairt, rann is dán.

Seo an gaol gun smal a th’ eadarainn
a bheothaicheas gach sreath, gach rann, gach dàn.


Liricí: Beatha Úr, aistrithe ón Ghàidhlig ag Eoghan Mac Giolla Bhríde

Seo na focail lena dtoiseann sinn, beatha úr le dóchas is grá.
(Seo na faclan leis an tòisich sinn, beatha ùr le dòchas agus gràdh.)

Seo na gealltanais a choinníonn sinn, in ainneoin ama, meatha nó báis.
(Seo na geallaidhean a chumas sinn, a dh’aindeoin tìde, seargaidh no bàis.)

Seo na beola lena bpógann sinn, ag cur lenár stór sástachta is áidh.
(Seo na bilean leis am pòg sinn, a’ cur ri ’r stòras toileachais is àigh.)

Seo na súile lena gcoimheádann sinn, an ghrian ag dul faoi is an ghealach lán.
(Seo na sùilean leis an coimhead sinn, air a’ ghrèin dol fodha is a’ ghealaich làin.)

Seo na cosa lena siúlann sinn, ó bhealtaí ísle go réaltaí ard’.
(Seo na casan leis an ceumnaich sinn, bho shlighean iosal do na reultan ard’.)

Seo an talamh ina gcuireann sinn, a bhí roimhe seo folamh agus bán.
(Seo an talamh far an cuir sinn, a bha roimhe falamh agus bàn.)

Seo an baile ina siúlann sinn, i gcumann ag gáire ar gach sráid.
(Seo am baile far an coisich sinn còmhla, a’ dèanamh gàire air gach sràid.)

Seo na háiteacha a dtéann sinn, is sinn ag siúl, do lámh i mo láimh.
(Seo na h-àiteachan don tèid sinn ’s sinn a’ siubhal, do làmh-sa na mo làimh.)

Seo an leaba ina bhfaigheann sinn sásamh oíche go briseadh lae.
(Seo an leabaidh far am faigh sinn tlachd tro oidhcheannan gu briseadh là.)

Seo an t-éadach geal len’ seolann sinn ónár mbaile anseo go háit thar chrá.
(Seo na siotan geala leis an seòl sinn bho ar dachaigh an seo gu tìr thar cràidh.)

Seo na fáinní óir a bheir sinn, nach mbristear gidh go rithfear gach rás.
(Seo na fàinnean òr’ a bheir sinn, nach briste ged a ruitheas gach ràith’.)

Seo an grá gan smál atá eadrainn a bheochas gach abairt, rann, is dán.
(Seo an gaol gun smal a th’ eadarainn a bheothaicheas gach sreath, gach rann, gach dàn.)


Beidh Doimnic i mbun cainte le Rónán Mac Aodha Bhuí ar an tseachtain seo chugainn faoi “Beathú Úr’.

Coinnigh ar an eolas faoi cad atá ar siúl ag Doimnic anseo!

SCÉALTA EILE