Gach Aoine bíonn cluas á tabhairt againn le hamhrán nuachumtha Gaeilge.
An tseachtain seo, labhair rí an reigé Ghaelaigh, Caoimhín Mac Giolla Catháin, linn faoi amhrán mór le Bréag, ‘Bóthar Mór’.
Tá ‘Bóthar Mór’ le fáil ar an tríú halbam le Bréag, Gan Jah, a eisíodh i 1995 ar lipéad an bhanna féin, Comhcheoil.
Amhrán bríomhar beoga é ‘Bóthar Mór’ a bhfuil rithim láidir agus rif dheas ag rith fríd ar na trumpaí agus ar an mhaindilín.
Cúigear ceoltóirí as Béal Feirste atá le cloisteáil ar an taifead seo, mar atá Caoimhín Mac Giolla Catháin (príomhamhránaí), Nic Saidléir (dord), Peadar O’Hanlon (príomhghiotár), Gearóid Mac Lochlainn (giotár rithime), Tomás Mac Seáin (trumpa) agus Andy Whitson ar na drumaí.
Is banna ceannródaíoch é Bréag i ngluaiseacht an nuacheoil Ghaelaigh, gan dabht.
Tá an domhan mór siúlta acu lena n-amhráin reigé Ghaeilge, agus iad tar éis an stáitse a roinnt le cuid de na bannaí ceoil is mó ar domhan, The Wailers, Alabama 3 agus Manu Chao ina measc.
Áit a mbíonn Bréag ag seinm a meascáin bhríomhair de ska, reigé, rac agus ceol domhanda, bígí cinnte go mbeidh slua ag damhsa.
Tabhair cluas le héisteacht le ‘Bóthar Mór’ anseo.
Cad é cúlra ‘Bóthar Mór’?
Scríobh mé an t-amhrán roinnt blianta ó shin faoin saol ar an bhóthar. Níl mé ag rá gur tharla sé, ach is amhrán é a chum mé nuair a bhí muid ag déanamh go leor taistil leis an bhanna sna 90í.
Cén teachtaireacht atá ann?
Bhuel, tá an dá mhíniú ann.
Tá sé fá dtaobh de ghnéas, ach thiocfadh leat léamh eile a bheith agat air.
Tá leid mhaith i líne nó dhó:
Tá bainne blasta úr agam duit.
Sin fá dtaobh de bhean ag dul síos air.
Tá sú deas milis agat dom.
Sin faoi fhear ag dul síos uirthi
Ar ndóigh, thiocfadh leat léamh eile a bhaint as agus glacadh leis gur bainne ón chuisneoir agus subh milis atá ann. (Gáire)
Liricí: ‘Bóthar Mór’
Ar mhaith leat bheith ag taisteal liom
Ar an bhóthar mór?
Ar mhaith leat bheith ag damhsa liom
Nuair a bheas mé ag ceol?
Tá bainne, blasta úr ‘gam duit
Glac é uaim
Cuir thart é, measc é suas,
‘Sin leag é siar.
Anois tá’n oíche ag teacht arís
Tá an Reggae san aer
An domhan mór ‘na chodladh
Muid anseo linn féin
Tá sú deas milis agat dom
Ghlacfainn í uait
Blasta ar mo theanga
Blasta i mo bhéal
Anois tá’n oíche ag teacht arís
Tá an ghealach sa spéir
An domhan mór ‘na chodladh
Muid anseo linn féin.
Ag suí anseo le chéile arís
Faoi dhíon a’ tí
Ag sleamhnú ‘gus ag slioparnach
Istigh is amuigh
Tá Bréag ag súil le bheith ag seinm ag an Cabaret Craiceáilte Dé Sathairn, agus tá oíche mhór, Bréaglóid, á heagrú acu i mBéal Feirste deireadh seachtaine na Ravelóide, Dé hAoine, 10 Meitheamh, in Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste. Fáilte roimh chách!
Beidh Caoimhín i mbun cainte faoi le Rónán Mac Aodha Bhuí ar a chlár tráthnóna inniu idir 3-4in.