Amhrán na hAoine:

Gach Aoine, tugann muid cluas le hamhrán nuachumtha Gaeilge ar leith.

An tseachtain seo, labhair an cumadóir agus amhránaí Pádraig Jack linn faoi ‘Brú do Bhealach Féin’, amhrán faoi do chuid féin a dhéanamh den saol.

Is as Inis Mór, Co. na Gaillimhe, do Phádraig Jack agus tá sé ag cumadh agus ag ceol ó leag sé lámh ar ghiotár, tuairim is 10 mbliana ó shin.

Tá ceol san fhuil ag an amhránaí álainn seo agus tionchar mór ag a athair aitheanta ceolmhar Barry Ronan air.

Agus é tar éis dochtúireacht a bhaint amach sa teicneolaíocht faisnéise ó OÉ Gaillimh, tá sé i gceist ag Pádraig Jack é féin “a thumadh isteach” i saol an cheoil.

Seoladh singil nua dá chuid ‘One Way Ticket Time’ – leagan Béarla den amhrán seo – ar na mallaibh agus tá sé ag súil go mór le tuilleadh ceoil a chur amach os comhair an tsaoil.

Ar aghaidh leis faoi lán seoil! HUP!

Éist leis agus léigh faoi ‘Brú do Bhealach Féin’ anseo thíos.

1) Inis dúinn faoi chúlra an amhráin.

Scríobh mé an t-amhrán thart ar trí bliana ó shin nuair a bhí mé san ollscoil. Bhí mé ag déanamh taighde ag an am agus ní raibh mé cinnte an mbeinn in ann an rud a chríochnú.

2) An bhfuil teachtaireacht ar leith ann?

Ní raibh mé ag smaoineamh ar theachtaireacht a chur san amhrán nuair a bhí sé á scríobh agam ach sin an chaoi ar tharla sé.

Is éard atá mé ag rá ná gur ceart do dhaoine a rud féin a dhéanamh den saol, cuma cad atá ar siúl ag daoine eile. Déan do rud féin, gan ligean den méid atá ar siúl ag daoine eile cur isteach ort.

3) An bhfuil líne ar bith a sheasann ann amach duit?

“Faigheann dul chun cinn, daoine eile, i bhfad níos soiléire.”

Tá sé éasca bheith ag breathnú thart ar dhaoine atá ag déanamh go maith le rudaí éagsúla, agus mothú nach bhfuil muid ag déanamh tada muid féin.

Feiceann tú daoine, ag fáil pissed off le rudaí, ag iarraidh a bheith ag troid nó ag argóint, ach uaireanta is í an chúis ná nach bhfuil siad sásta leis an gcaoi a bhfuil rudaí ag dul ina saol féin.

Liricí: Brú do Bhealach Féin, leagan Gaeilge le Pádraig Jack agus Barry Ronan.

Leabhra léite, fuair tú an comhairle is fearr,
Corraithe, Leis an mbóthar atá amach romhat,

Spriocanna seol cur brú, faitíos ort dul amú,
Faire ar do phósta, is do chosa fút

Lá i ndiaidh lá tá an tréimhse ag fáil níos lú
Go ndúiseann tú leis an iontas

Brú do bhealach féin, (aah)
Airigh an phian, (aah)
Ní h’é seo an chaoi, a fheiceann mé mo shaol

Ní fheabhasann tada riamh, gan iarracht tógáil gníomh
Nach seo é an chaoi, le roghnú treo
Ní rinne tú do dhíal, mhair tú saol gan ciall
Lean tú do phlean, gan baol ná treoir

Lá i ndiaidh lae, tá an tréimhse ag fáil níos-lú
Go ndúisíonn tú leis an iontas
Theip ort, fáil aon ciall ná aon chliú,
Táir ag titim siar, do sheans iontaí bun os cionn

Brú do bhealach féin, (aah)
Airigh an phian, (aah)
Ní h’é seo an chaoi, a fheiceann mé mo shaol
Greamaithe g’an talamh fós, (aah)
Láimh uait ar nós, (aah)
Go chaill tú an ceacht, a mhínigh d’éadan fíor

Faigheann dul chun cinn, daoine eile, i bhfad níos soiléir
Tá tú ag titim síos tríd an scoilt atá osclaithe san aicme

Lá i ndiaidh lae, tá an tréimhse ag fáil níos-lú
Táir ag titim siar, do sheans iontaí bun os cionn

Brú do bhealach féin, (aah)
Airigh an phian, (aah)
Ní h’é seo an chaoi, a fheiceann mé mo shaol
Greamaithe g’an talamh fós, (aah)
Láimh uait ar nós, (aah)
Chaill tú an ceacht, a mhínigh d’éadan fíor


Beidh Pádraig Jack i mbun ceoil le Pa Reidy sa Workmans, Cé Wellington, Baile Átha Cliath, an Domhnach beag seo, 11 Nollaig @ 9in.

Costas €5 ar an doras. Tuilleadh eolais anseo.

Is féidir éist le níos mó ceoil le Pádraig Jack anseo.

SCÉALTA EILE