Amhrán na hAoine


Is é an ‘Cara’ aoibhinn, an chéad eisiúint ón bhanna nua Bruadar, atá roghnaithe mar ‘Amhrán na hAoine’ an tseachtain seo.

Is fuaimbhráithre iad Bruadar (Marcus Mac Conghail agus Eoin O’Brien) atá ar aistear sonach idir-réaltach.

“Déanfaidh na craoltaí atá le teacht uainn stílspeictream na minicíochtaí is na dtonnchreathanna uile a chíoradh,” arsa Marcus linn.

“Ár nguí ná go mbeidh macallaí an domhain seo againne i dtiúin lenár gcairde cosmacha go léir.”

Is maith linn an dearcadh.

Dord agus guth atá in úsáid ag an bheirt anseo, a bhuail le chéile is iad ag buscáil i mBaile Átha Cliath.

Tá siad tar éis gigeáil le chéile ó am go ham le roinnt blianta anuas agus tá an-áthas orthu gur sciob siad an t-am chun roinnt dá bhfuaimeanna a thaifeadadh.

Is ceoltóir il-uirlise, cumadóir, scríbhneoir amhrán, innealtóir fuaime is léiritheoir é Eoin.

Sheinn sé le mórchuid bannaí éagsúla – 10 mbliana le Kíla agus mar phríomhamhránaí le Clay Dolls ina measc.

Is file duais-bhuaiteach é Marcus Mac Conghail, giotáraí agus iar-amhránaí sean-nóis.

Is ball saoil é de Thatchers of the Acropolis agus le déanaí scríobh sé leath den albam IMLÉ a d’eisigh Gael Linn anuraidh.

Le feiceáil san fhíseán álainn thuas – a léirigh an t-ealaíontóir aitheanta, Róisín Loughrey – tá an an damhsóir Seiceach, Marketa Formanova.

Beidh Bruadar ag dul isteach sa stiúideo arís gan mhoill – lean iad ar Facebook agus Twitter, agus éist le Marcus inniu ar Rónán Beo @ 3 ar RTÉ RnaG!

1. Cad é cúlra an amhráin?

Bhí Eoin is mé féin ag gigeáil go rialta agus i dtiúin lena chéile.

Is le linn na tréimhse sin le hEoin a tháinig ‘Ceap do Shuaimhneas’, ‘Buail Aríst Mé’, ‘Peacach’ srl.

Bhí gig ar leith le déanamh againn d’Fhéile Imram – dán agus dord – is gan aon ní ullmhaithe againn!

Bhuaileamar le chéile an oíche roimh an ghig agus le trí nóta binn ó dhord Eoin tháinig ‘Cara’ ar an saol d’aon seinnt amháin.

2. Cén teachtaireacht atá ann?

T7R8 ar bith – ach an bás a fhoghlaim, b’fhéidir.

3. An bhfuil líne ar leith a thaitníonn leat?

Deirtear gur cheart duit do pheataí beaga a mharú – gan a bheith ró-cheannúil ar abairt nó líne.

Ach is maith le hEoin an focal paraisiút agus é séimhithe.


Liricí: Cara

Ag titim go síoraí
gan tuirlingt, gan tuairt, gan paraisiút
gan greim agam ar aon ní
ach ar an mbás.

~ ~ ~

D’iarraidh breith ar mhacalla do ghutha.
D’iarraidh breith ar imlíne is imir do chrutha
im’ cheann.
An é nach bhfuilid ann? Conas nach bhfuilid ann?
Nuair a thagann an bás
an sciobann sé leis gach rud?

~ ~ ~

Bhuaileas leat i mbrionglóid
is labhramar ar nithe
ná labhrann na beo
is scaoil mo ghreim pas.

~ ~ ~

Ní fhágfad an liombó seo fós.
Ní scriosfad d’uimhir óm’ ghuthán.
Mar táim mór leis an mbrón seo
is gan mo bhrón bheinn caillte ar fad.

Ach le mo bhrón
braithim gach rud.

SCÉALTA EILE