Cuirfear tús spleodrach leis an deireadh seachtaine gach maidin Aoine as seo amach ar NÓS le mír nua darb ainm ‘Amhrán na hAoine’ a thugann ardán d’amhrán nuachumtha Gaeilge ar leith.
Is í amhránaí óg Thír Chonaill, Eve Belle – a thug léi Gradam NÓS d’Amhrán Nuachumtha na Bliana 2015 dá hamhrán gleoite ‘Solas’ le déanaí – atá linn an tseachtain seo le labhairt faoina saothar úrnua ‘Craiceann agus Cnámha’.
Éist leis agus léigh faoi!
1) Inis dúinn faoi chúlra an amhráin ‘Craiceann agus Cnámha’?
Seo amhrán a chuireann síos ar an uair a dtugann tú faoi deara nach bhfuil an duine lena bhfuil tú ag cur iarrachta isteach sa chaidreamh.
Ní ann don ghrá sa chaidreamh ach craiceann agus cnámha.
2) Cad é an teachtaireacht mar sin?
Deirim i gcónaí go dtagann na hamhráin is fearr as na mothúcháin is láidre agus tagann na mothúcháin is láidre chun cinn ag deireadh caidrimh; tá an briseadh croí ann, an fíorghortú, an brón agus na mothúcháin láidre sin go smior ann.
3) An bhfuil líne áirithe ann a thaitníonn go mór leat?
Bhí mé iontach bródúil as an líne “Tá teorainn le mo mhaitheas-a”. Sílim, cuid mhaith den am, gur dóigh le duine gur fiú dó nó di an duine a choinneáil sásta.
Ach más amhlaidh go bhfuil an duine eile go hiomlán santach, is fearr i bhfad duit siúl ar aghaidh.
In áit a bheith tuisceanach go deo, is fearr i bhfad imeacht agus bogadh ar aghaidh.
4) Rud ar bith eile ba mhaith leat a rá?
Seo an chéad amhrán a chum mé féin as Gaeilge ó thús deireadh.
Roimhe seo, ba ghnách liom amhráin a chumadh i mBéarla agus Gaeilge a chur orthu ina dhiaidh sin agus tá mé iontach sásta gur seo an chéad uair ar chum mé amhrán ar fad ó thús deireadh i nGaeilge!
LIRICÍ: Craiceann agus Cnámha
Tá cuma an bháis ort,
D’aghaidh chomh bán le sneachta,
Níor ghlaoigh tú orm,
‘S stad tú ag scríobh na litreacha,
Bhí fonn orm éalú leat tráth,
‘S fáil go hiomlán caillte,
Tuigim anois nach bhfuil an locht orm,
Chuaigh muid suas i lasracha
Curfá
Níl ionainn ach craiceann agus cnámha,
Muid ag snámh in aghaidh an easa,
Tá tú i gcónaí ar m’intinn,
Ní féidir leanúint ar aghaidh mar seo,
Tá tú i gcónaí ar m’intinn,
Ní féidir maireachtáil mar seo.
Is annamh a chuala mé
uait ach macalla.
Bhí mo chroí-se
fite fuaite le do chruálacht.
Mheall tú mé
Gan smaoineamh ‘s gan dua.
Ná déan dearmad, a stóirín,
tá teorainn le mo mhaitheas-a.
Curfá
Fad is atá mé faoi ghlas i ngrá leat,
ní bheinn saor ‘s ní bheidh mé sásta (x 2)
Curfá x 2
Is féidir fosta éisteacht le ‘Solas’, an t-amhrán a bhuaigh ‘Amhrán na Bliana’ ag Gradaim Cheoil NÓS 2015.
Beidh deis ag muintir an iarthair Eve Belle a fheiceáil ar ardán Amharclann Halla na Cathrach, Gaillimh, 10 Feabhra, tráth a mbeidh sí mar cheoltóir taca do Eddi Reader.