Amhrán na hAoine


Is í an Aoine í agus tá sé in am againn tús ceolmhar a chur leis an deireadh seachtaine samhrúil seo romhainn le hamhrán nuachumtha Gaeilge.

An iarraidh seo, tá an t-amhránaí agus ceoltóir óg Muireann Ní Bhaoill linn ón ghrúpa Sruth na Maoile le labhairt faoin amhrán álainn ‘Déan É’.

Amhrán grá is ea é a bhfuil “teachtaireacht dhóchasach” le brath ann, dar le Muireann, agus é i measc na gcéad amhrán atá cumtha ag an bhanna óg seo.

Ceathrar ceoltóirí ildánacha atá sa bhanna (thuas ó chlé); Chloe Donnan (drumaí agus pianó), Muireann Ní Bhaoill (glór agus consairtín), Ciaran McManus (giotár) agus Séamus Ó Baoighill (fidil).

Mic léinn atá sa cheathrar ceolmhar seo a tháinig le chéile i mBéal Feirste i mbliana, áit a bhfuil siad ag tabhairt faoi chéim sa cheol.

Anuas ar a bheith ag baint suilt as an saol beoga Gaelach i mBéal Feirste, tá Sruth na Maoile ag ullmhú dá gcéad ghigeanna amach sa samhradh, ag Féile Raifteirí agus an Phicnic Leictreach.

Éist agus léigh faoi anseo!

1. Cad é cúlra an amhráin?

Comhoibriú a bhí san amhrán idir Ciarán (Vultures) agus mé féin. Tá leagan Béarla againn chomh maith. Cé go luímid go nádúrtha le ceol traidisiúnta na hÉireann agus na hAlban, sílim go bhfuil casadh comhaimseartha deas déanta againn ar an amhrán seo.

2. Luaigh tú go bhfuil teachtaireacht dhóchasach le brath san amhrán, inis dúinn faoi sin.

Amhrán grá atá ann ach ag an am céanna tarlóidh cibé rud atá in ainm tarlú. Más rud é go bhfuil sé i gceart, beidh sé! Níl rud ar bith docht daingin ag baint leis.

3. An bhfuil líne ar líne a thaitníonn leat? 

“Ná bí buartha cén treo
Bainfimid ceann scríbe amach”


Liricí: Déan É

Seo an áit a thiteann tú
Seo an áit go bhfeiceann thú
Gach aon ní atá uait
Gach aon rud atá uait
Is chuile rud ‘ta ‘ad
Tá fiúntas leo
Mar gheall an na rudaí ’tá le rá fós

Beidh ‘fhios ‘ad amach anseo
Beidh cúrsaí níos fearr
Má leanann tú do chroí

Curfá 
Is fanfaidh mé ort
Mar is tú mo ghrá gheal
Is má thógann tú mo lámh is féidir dul sa tseans
Is má thógann tú mo lámh
Ná bí buartha cén treo
Bainfimid ceann scríbe amach

V2
Cloisim na ceisteanna atá agat ort féin
Ach níl an todhchaí i bhfad i gcéin
Is chuile rud ‘tá ‘ad
Tá fiúntas leo
Mar gheall an na rudaí ’tá le rá fós

Beidh ‘fhios ‘ad amach anseo
Beidh cúrsaí níos fearr
Má leanann tú do chroí

Curfá

Nuair a thitim síos
An dtiocfaidh tú i mo dhiaidh?
Fanfaidh mé ortsa má bhfanfaidh tú liom
Leanfaidh mé orm ag brionglóidí faoin todhchaí

SCÉALTA EILE