Amhrán na hAoine:

Is í an Aoine í agus tá sé in am dúinn cluas a thabhairt d’amhrán nuachumtha Gaeilge.

Tá lúcháir orainn an réalta óg Sonny Ní Chathasaigh, as Cill Chiaráin, Conamara, a bheith linn lena hamhrán aoibhinn ‘Dochar’ a phlé.

Amhrán mothálach is ea é a dhíríonn ar ghéarchéim na dteifeach.

Bhuaigh Sonny duais NÓS ag Scléip 2017 i mbliana le ‘Dochar’ agus bhí an t-amhrán céanna ar ghearrliosta Ghradaim NÓS d’Amhrán na Bliana freisin.

Bliain ghnóthach atá ann do Sonny, agus í ag tabhairt faoi bhliain na hardteiste.

Tá muid sásta a chloisteáil go bhfuil sí ag cumadh ‘s ag ceol léi agus go mbeidh amhrán nua léi ‘Beagáinín Grá’ á chur i láthair aici ag Comórtas Pan-Cheilteach i gCeatharlach, Dé Sathairn, 25 Feabhra.

Éist le ‘Dochar’ agus léigh faoi anseo.

1.) Inis dom faoi chúlra an amhráin?

Lá amháin, fuair mé glaoch ó Oxfam agus bhí siad ag insint dom faoi na daoine gan dídean ar fud an domhain agus na cogaí ar fad atá ag dul ar aghaidh.

Chuir siad ceist orm an mbeinn in ann airgead a thabhairt le cuidiú ach ní raibh mé in ann mar nach bhfuil aon phost agam, ná airgead agam.

Bhí mé sórt brónach agus feargach an lá sin ag smaoineamh faoi dhaoine gan dídean.

Bhí na smaointe seo i mo chloigeann agus chuaigh mé abhaile agus scríobh mé an t-amhrán ‘Dochair’, mar gur cheap mé gurb é sin an t-aon rud a bhí mé in ann a dhéanamh.

2.) An bhfuil teachtaireacht ar leith ann?

Is dóigh grá is mó agus a bheith níos oscailte.

Bhí mé ag triail an scéal a scríobh ó dhearcadh duine atá sa chás sin. Is maith liom scéal a insint sna hamhráin.

Is maith liom díriú ar na liricí níos mó ná an ceol fiú, tá an scéal níos tábhachtaí domsa.

3.) An bhfuil líne áirithe san amhrán a thaitníonn leat?

Ní dhéanann cogadh tada ach dochar

Liricí ‘Dochar’

An bhfeiceann tú na píosaí?
Saol briste síos an lár
Ag éalú trasna na dtonnta
Ach ní féidir leob snámh

Thall ansin sa gcoinne
Tá buachaill beag ina luí
Le haghaidh na ngasúr eile
Tá sé ag rá a chuid paidreachaí

(Curfá)
Cén fáth nach stopann muid é
Tá pian agus ocras ina mboilg
A Mhuire Dé
Taispeáin dóibh grá
Agus solas

‘ gcloiseann tú an fhírinne?
Nach féidir leob fanacht
Tá an spéir ag eirí dorcha
Agus caithfidh siad imeacht

Thall ansin sa gcúinne
Tá máthair bhocht ag guí
Ag iarraidh a bheith láidir
Ach uirthi tá briseadh croí

(Curfá)
Cén fáth nach stopann muid é
Tá pian agus ocras ina mboilg
A Mhuire Dé
Taispeáin dóibh grá
Agus solas

Bhí muide sa mbád céanna
Nuair a chuaigh muid féin go Meiriceá
Tá muid uilig mar a chéile
Is ní thuigim cén fáth

(Cúrfa)
Cén fath nach stopann muid é
An pian ‘is an ocras ina mbolg
A Mhuire Dé

Taispeáin dóibh grá agus solas
Caithfidh muid
É seo a stopadh
Ní dhéanann cogadh
Tada ach dochar

SCÉALTA EILE