Amhrán na hAoine:

Gach Aoine bíonn cluas á tabhairt againn d’amhrán nuachumtha Gaeilge ar leith.

An tseachtain seo, tá Emer O’Flaherty linn, an bealach ar fad ó Inis i gCo.an Chláir, le labhairt faoina hamhrán buach ‘Taibhse’, a tháinig sa chéad áit i gComórtas Amhrán Nua Phan-Cheilteach an tseachtain seo caite.

Amhrán álainn is ea é a dhíríonn ar chumhacht an osnádúir agus ar thábhacht na ngnéithe neamhfhisiciúla ar domhan – mar atá grá, mianta, mothúcháin – a spreagann daoine.

Emer féin a chum na liricí agus an scór, atá an-oiriúnach dá glór a bhfuil blas an tsnagcheoil go mór air.

Taifeadadh an leagan beo seo de ‘Taibhse’ i gCeatharlach Dé Sathairn seo caite, 25 Feabhra, i dteannta banna tí Phan Cheilteach; an dordaí Ollie Hennessy, Shane Hennessy ar an ghiotár, an fidléir Aoife Kavanagh agus fear na ndrumaí Tom McDermott.

Is minic Emer, a sheinneann an pianó agus an fheadóg mhór chomh maith, le feiceáil ar ardán ag féilte imeallacha ar fud na hÉireann agus na hAlban agus dúirt sí le NÓS go mbaineann sí sult thar na bearta as a bheith ag cur a cuid amhrán Gaeilge i láthair.

Chomh maith le bheith ag gigeáil, bíonn an t-amhránaí ildánach seo ag spreagadh an cheoil i measc daoine óga ina post lae le Music Generation.

Beidh Emer ag dul ar aghaidh le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Craobh Idirnáisiúnta Phan Cheilteach ar an 2o Aibreán.

Amhránaí iontach na hInse abú!

Éist le ‘Taibhse’ agus léigh faoi anseo.

1.) Cad é cúlra an amhráin?

Samhlaítear taibhsí de ghnáth leis an oíche; tá siad ciúin agus tá an-chumhacht iontu.

Bhí mé ag iarraidh an nasc sin a fhiosrú idir taibhsí, nach féidir leat a fheiceáil, agus na rudaí is tábhachtaí agus is láidre sa saol dar liom – na smaointe, na brionglóidí agus na mianta croí atá againn, rudaí teibí nach féidir méar a leagan orthu.

2.) Cén teachtaireacht atá ann?

Is dócha an rud atá mé ag rá ná go bhfuil an taibhse ina spreagadh againn.

Ag caint ar an smaoineamh taibhsiúil sin atá mé, a spreagann tú le tabhairt faoi rud éigin nach bhfuil curtha i gcrích agat mar shampla. Céard a tharlaíonn má éisteann tú le teachtaireacht na taibhse?

3.) An bhfuil líne ar leith a thaitníonn leat?

Faoi dhraíocht bhrat cheo
Gan triall, gan treo

Sin muidne go léir. Bíonn an saol mar ’bhrat cheo‘ agus tá muid faoi dhraíocht aige. Ach tá saoirse ar fáil don duine a roghnaíonn treo.


Liricí: Taibhse

Ní féidir í a bhlaiseadh
Ná súil uirthi a chaitheamh
Fuacht na hoíche mar chumhacht inti
Scamaill ag oscailt timpeall uirthi.

Gan fhuaim d’aon ghluaiseacht
Gan fhios do shaol na ndúiseacht
Éadrom le bheith áit ar bith
Ach trom chun choill a chrith.

Curfá
I gceartlár na hoíche a mhothaítear crut
Gluaistear go ciúin ach lán de láidreacht
Lean í má chreideann tú
Go dtí go lasann tú
Mar beidh ann do thaibhse
Beidh sí mar do thaibhse.

Gan doras, gan dídean
Gan teas, gan tinteán,
Gan aer a anáil dá beocht
Aonarach ag barr a ríocht

Fórsa níos láidrí ná thú
Romhat, tharat, trít fiú
An é ní atá le déanamh a’t
Chun go spreagfar an laoch ionat.

Curfá

Ach má théann sa tóir á leanacht
Beidh a chiuínfhuaim ag fanacht
Nóiméid, am ag éalú
Ar nós abhainn ag iarraidh galú

Faoi dhraíocht bhrat cheo
Gan triall, gan treo
Dallta ag an dorchadas nocht
Thar nais léi chun na spéire bocht.

Curfá


Beidh Emer, Paddy Mulcahy agus Angelo Heart ag seinm in Ollscoil Luimnigh Déardaoin 23 Márta ag 1.15.  Leanaigí í anseo.

SCÉALTA EILE