D’eisigh an ceoltóir Lauren Ní Chasaide físeán nua ceoil an tseachtain seo dá hamhrán nuachumhtha ‘Fásta’. Labhair NÓS leis an mBleá Cliathach ceolmhar le fáil amach céard a spreag í le dul i mbun cumadóireachta.
Abair linn faoi chúlra an amhráin.
Scríobh mé an t-amhrán os cionn bliana ó shin, dhá shamhradh ó shin, is dóigh. Is amhrán faoi na drochrudaí a tharlaíonn sa saol, agus na deacrachtaí a bhíonn ag an duine déileáil leo. Bhí mé ag iarraidh a rá le duine ar leith ann go mbeadh gach rud ceart go leor, ach is dóigh go bhféadfá a rá go raibh mé ag labhairt liom freisin, bhí an dá rud i gceist.
Baineann sé le rud éigin a ligean thart nó duine éigin a bhfuil grá agat dó a scaoileadh saor ó do shaol. Bíonn sé deacair nuair a chaithfear dul ar choimirce na cinniúna, nuair nach mbíonn a fhios agat an é an rud le déanamh. Tuigim go bhfuil an baol ann anois go bhfuil cur síos seo ag druidim i dtreo ‘The Climb’ le Miley Cyrus, ach bhí an ceart ar fad aici, bean chríonna! Uaireanta caithfear dul i bhfad ó rud éigin le meas agus tuiscint iomlán a bheith agat air.
Cén chaoi a gcumann tusa amhrán?
Is iondúil go dtagann na focail agus an ceol chugam thart ar an am céanna agus mé ag scríobh amhráin, agus bíonn an próiseas scríofa ar siúl i gcónaí. Do ‘Fásta’, tháinig an fonn chugam cúpla lá roimh ré. Bím ag canadh liom féin, déanaim taifead ar an gceol sin agus éistim siar leis agus na hamhráin á gcumadh agam. Mar a tharlaíonn sé, bhí mé ar an mbus ag éisteacht leis an taifead nuair a thosaigh mé ag scríobh ‘Fásta’. Tháinig an rud ar fad le chéile in aon lá amháin.
Cé as a dtáinig an coincheap don fhísean?
Bhuail mé le Seán Ó Ciardha, agus cara eile linn Oisín Mistéil, a bhíonn ag déanamh físeáin agus atá an-chruthaitheach. Bhí roinnt smaointe agam d’fhíseán, bhí rud thar a bheith simplí uaim ar dtús, agus bhí Seán agus Oisín ag iarraidh rudaí a bhí cineál crazy a dhéanamh. Tháinig muid triúr aníos le físeán greannmhar gleoite a réitíonn go maith leis an amhrán.
Aon phleananna móra agat?
Tá an t-aiseolas atá faighte agam go dtí seo faoin bhfíseán an-dearfach ar fad, agus tá sé i gceist agam tuilleadh ceoil a scríobh. Bím ag obair i rith na seachtaine agus tá sé deacair an t-am a fháil a bheith ag plé leis an gceol. Níl aon phlean mór agam rud a chur amach i mbliana, ach beidh mé i gcónaí ag cur ceoil agus físeán le chéile. Tá an samhradh ag teacht anois agus beidh go leor féilte ar siúl, mar sin tá mé ag súil go mór le bheith i láthair acu sin.