Amhrán na hAoine:


Gach Aoine bíonn cluas á tabhairt againn le hamhrán nua-chumtha Gaeilge ar leith.

An tseachtain seo, labhair an cumadóir amhrán agus ceoltóir óg ildánach, Grace Willis, linn faoina hamhrán ‘Féach arís a Stóirín’.

Taifeadadh ‘Féach arís a Stóirín’ i gColáiste Lurgan i rith an tsamhraidh nuair a bhí Grace ann mar scoláire den chéad uair.

I dteannta Grace, tá beirt rapairí óga, Joe Walton (tús an amhráin) agus Diego Lopez, agus iad á dtionlacan ag Neung Kelly ar an ghiotár. Bhí páirt ag an cheoltóir óg Jonah Power san amhrán fosta.

As Ard Cath, Contae na Mí, do Grace agus is minic í ag cumadh amhrán agus á tionlacan féin ar phianó nó giotár.

Dúirt sí le NÓS go bhfuil sí cheana féin ag súil le filleadh ar an choláiste cheolmhar an samhradh seo agus tuilleadh amhrán Gaeilge a thaifeadadh dúinn!

Idir an dá linn, breathnaigh ar fhíseán ‘Féach anois a Stóirín’ agus léigh faoi anseo.

lareile

1) Cad é an cúlra atá ag ‘Féach anois a Stóirín’?

Bhuail smaoineamh mé i lár na scrúduithe anuraidh.

Bhí mé in ainm is a bheith ag déanamh staidéir ar an stair ach má thagann rud éigin chugam tá orm é a scríobh síos láithreach nó imeoidh sé uaim.

Chuaigh mé abhaile agus chuir mé bailchríoch leis an amhrán.

2) An bhfuil teachtaireacht ar leith san amhrán?

Nuair a bhím ag scríobh ní smaoiním ar theachtaireacht ar leith a chur trasna.

Dírím ar na smaointe atá mé ag iarraidh a chur in iúl. Is tuairim atá ann.

Tá an-athrú tagtha ar an tsochaí ó aimsir mo thuismitheoirí agus déanaim comparáid san amhrán idir daoine agus drugaí.

Feicim nach bhfuil tacaíocht ar fáil do dhaoine, go háirithe daoine de mo ghlúin-se.

Tá rud éigin in easnamh sa tsochaí a fhágann daoine ag mothú leo féin. Sin mar atá sé.

3) An bhfuil líne ar leith a thaitníonn leat?

Eagla orm go dtitfidh mé
‘S nach mbeirfear orm arís chuile oíche


Liricí: ‘Féach anois a Stóirín’

Ólfaidh muid an áit seo tirim
Imeoidh muidne as ár gciall
Déanfaimid ár scíth a ligint
‘S na rudaí seo a thriall
Rachaidh muidne ar aghaidh
Mar go stopann sé an pian
Ní bheidh fhios a’at
‘S ní labhróidh muid faoi riamh

Mar a bhíonn sé, le bheith fágtha ann liom féin
Mar a bhíonn sé, bheith ag éamh anseo ag caoineadh ‘s mé faoi bhrón
Ag caoineadh trína chéile síos an bhfón

A stór ní airíonn tusa mé
Níor airigh tú riamh uait aon duine ó do thaobh
Ó do thaobh
Tá tú ag iarraidh go ndéarfaidh só go bhfanfaidh
Sé leat gach uile lá
Ach ní théann sé do threo
No, ní théann sé do threo

Féach anois a stóirín
Táim faoi do dhraoícht
Fágaim arís ach tú i gcónaí liom
D’aoibh i mo chroí, níl mé in ann do seo

Mé gafa leat
An leigheas ab fhearr liom riamh
Le mo thaobh ‘s ansin imithe uaim
Liom féin ní thig liom dul ar aghaidh mar seo

Is tú mo ghrá
Ní leor é seo
Ní leor dom é seo

‘S mé i mo shuí ar fead na hoí’
Faitíos a’am faoi bhrionglóidí
Eagla orm go dtitfidh mé
‘S nach mbeifear orm arís chuile oíche
Titeann dorchadas síos ar mo chroí

Gafa leat ón gcéad radharc
Ní bhfuair mé riamh an seans
Sular thóg tú mé ‘s chreid mé
Mé gan grá, sé i mo cheann
Is féidir leo
Fán amach siar uaidh sin go deo

Ní bhacann aon duine liom níos mó
Ní bhacann aon duine liom
Muna ndéanaim seo
Muna ndéanaim seo

‘S níl uaim ach, go bhfágfaidh chuile dhuine mé
Mar níl tada acu dom a gcuideodh mé
A bheith níos fearr
Níl mé thar barr

Féach anois a stóirín
Táim faoi do dhraíocht
Fágaim arís ach tú i gcónaí liom
D’aoibh i mo chroí, níl mé in ann do seo

Mé gafa leat
An leigheas ab fhearr liom riamh
Le mo thaobh ‘s ansin imithe uaim
Liom féin ní thig liom dul ar aghaidh mar seo

Is tú mo ghrá
Ní leor é seo
Ní leor dom é seo ……

SCÉALTA EILE