Amhrán na hAoine:


Gach Aoine bíonn cluas á tabhairt againn le hamhrán nua-chumtha Gaeilge ar leith.

An tseachtain seo, labhair Enda Reilly linn faoin amhrán ‘Go Beo Go Deo na nDeor’, a chum sé féin agus Séamus Barra Ó Súilleabháin.

Is teacht le chéile damanta é seo – pósadh idir raic agus rap – a bheireann Enda, ar amhránaí aitheanta é as Tamhlacht, BÁC, i dteannta rapaire agus file Lios Tuathail, Séamus Barra ‘na bhFocal’.

Beirt shárcheoltóirí iad, atá ag gluaisteacht ar aghaidh lena dtograí féin faoi láthair, iad gníomhach ag cumadh amhrán, ag taifead agus ag comhoibriú le hamhránaithe eile.

Tá ceirnín hip hop ar na bioráin ag Séamus, le Rob Ó Maoilchiaráin as Gaoth Dobhair faoi láthair, agus muid ag súil go mór leis – go háirithe tar éis ‘Aisling ag Bobby‘ a chloisteáil.

Anocht, beidh Enda san iomaíocht i gcomórtas Pan Cheilteach d’Amhrán Nua-Chumtha na Bliana le ‘Slán Leat’, a chum sé i bpáirt le hAoife Scott (thíos), agus a taifeadadh ar a céad albam Carry the Day, a eisíodh an mhí seo.

Mar a tharlaíonn sé, is é ‘Go Beo go Deo na nDeor’ a bhain an dara háit amach sa chomórtas céanna anuraidh, spreagadh, tá súil againn, don bheirt a theacht ar ais i mbun ceoil le chéile go luath.

Éist le ‘Go Beo Go Deo na nDeor’ agus léigh faoi!


1) Cad é an cúlra atá ag an amhrán’?

Bhí sprioclá ag teacht aníos anuraidh don chomórtas Pan Cheiltigh agus chuir sé brú orm amhrán úrnua a chumadh.

Chum mé an t-amhrán taobh istigh de dhá uair an chloig, cé nach raibh droichead agam i lár an amhráin agus shíl mé go mbeadh rap go maith.

Chuir mé scairt ar Shéamus agus chuir seisean rud le chéile go han-sciobtha agus thaifead muid é.

Jab déanta.

2) An bhfuil teachtaireacht ann?

Tharla sé chomh sciobtha nach raibh a fhios agam ag an am go díreach cad faoi a raibh mé ag scríobh.

Ag féachaint siar anois air, is amhrán é faoi mhiotaseolaíocht ar bhealach.

Baineann sé le bheith ag féachaint le haghaidh freagraí sa domhan agus ansin ag teacht ar ais chugat féin le fáil amach go bhfuil na freagraí agat cheana féin.

3) An bhfuil líne ar leith a thaitníonn leat?

Ta líne sa rap ag Séamus “tógaimis réidh é go n-imeoidh an scáth”

Má tá scáth mórthimpeall ar dhuine agus rud éigin mícheart, tóg go bog é agus beidh gach rud i gceart.

Ach caithfidh mé a rá, tá rithim Séamus agus é ag bualadh amach na bhfocal, tá sé ar fheabhas!

PIC

Liricí: Go Beo Go Deo na nDeor 

Chuas amach fud faid na tíre ag cuardú mo sháimhín só,
D’ól mé go spailpeach, fuarthas eolas déitheach
Chaith mé mo shaol fá dhó

Chuir mé uaim gach smaoineamh, beag nó mór
Gus ar aghaidh linn fós go beo go deo na ndeor

D’ólas deoch ón tobar naofa ach ní raibh ann ach H2O
Ghuí mé go dtí go rabhas préachta bhíos fós dallta ag an gceo

Chuir mé uaim gach smaoineamh, beag nó mór
Gus ar aghaidh linn fós go beo go deo na ndeor

Táimid inár ndúiseacht ná thitear orainn suain
Dá olcas an tuairisc, ní ghéillfeam Lá an Luain
Ná bíodh imní ort ná go bhfuil na rithimí so síoch
Múnlaithe le blas agus muintearas uilíoch
Gach aon pháiste gréine óg ag suainseán
Cumha Sruth na Maoile á scaoileadh sa cheol ard
Má sciobann an ghaoth aduaidh na mianta graosta
Bíodh a fhios ag an Saol go bhfuil an oidhreacht aosta
Is go gcífimid na sciatháin ag leathnú go fial

Ag cuachadh na ngaolta bhí mar Oisín inár ndiaidh

Seachas aon ní eile deirimid
A mhaoineach breá
Tógaimis réidh é
Go n-imeoidh an scáth

D’ithis éisc, nó dith iasc mé ní chuimhin liom ríomh faraor
Ach déiríos anuas ón aigéan ciúin mar tarbh in san aer

Chuir mé uaim gach smaoineamh beag nó mór
Gus ar aghaidh linn fós go beo go deo na ndeor

Chuir mé uaim gach smaoineamh beag nó mór
Gus ar aghaidh linn fós go beo go deo na ndeor.

SCÉALTA EILE