Amhrán na hAoine:


Gach Aoine ar NÓS tá cluas á tabhairt againn d’amhrán nua-chumtha Gaeilge ar leith.

An tseachtain seo, labhair J.J. Ó Dochartaigh linn faoina amhrán ‘Más maith leat craic, tar linn’, a chum sé le déanaí.

Is ceoltóir agus scríbhneoir amhráin é J.J. as cathair Dhoire, a tháinig i réim go mór lena fhíseáin YouTube inar thaifead sé leaganacha Gaeilge d’amhráin mhóra na gcairteacha.

Tá os cionn 42,000 buille aimsithe ag a leagan Gaeilge de I’m yours, agus clú agus a cáil air i measc Choláistí Samhraidh Thír Chonaill ó shin.

Le blianta beaga anuas tá J.J. ag cumadh amhrán spreagúil atá ag cur lena iomrá mar chumadóir amhrán, mar atá ‘Le cuidiú Dé‘ agus ‘A Ghaela, Tógaigí bhur gcroíthe‘, a bhain áit amach ar ghearrliosta ‘Amhrán Nua-Chumtha na Bliana’ ag Gradaim Cheoil NÓS 2015.

Tuilleadh cruthúnais atá san amhrán is déanaí leis ‘Más mian leat craic, tar linn’ ar fhéith na cumadóireachta atá go smior san amhránaí óg seo.

Éist agus léigh faoi anseo!


1. Cad é an cúlra atá le ‘Más maith leat craic, tar linn’?

Scríobh mé na focail taobh istigh de 10 mbomaite thart ar choicís ó shin agus dúirt mé liom féin go dtiocfainn ar ais chuige i gceann seachtaine le ceol a chur leis.

Rinne mé é a thaifeadadh mé féin le fáil amach an raibh sé sásúil go leor agus shíl mé go raibh sé maith agus gur fiú é a chur in airde.

2. An bhfuil teachtaireacht ann?

Roimh an Nollaig ansin bhí drocham agam i ndiaidh gur tháinig deireadh le caidreamh, ach tháinig mé amach as agus tá rudaí i gceart anois.

Bhí mé ag smaoineamh faoi na deacrachtaí sin agus an dóigh a dtagann tú amach as agus tú ar ais arís i measc do chairde, ar an drabhlás nó cibé, ag baint suilt as an saol.

3. An bhfuil cur chuige ar leith agat i leith na cumadóireachta?

Scríobhaim an t-iomlán taobh istigh de leathuair a chloig de ghnáth.

Ní bhím ag smaoineamh faoi ná ag cur brú orm amhrán a scríobh.

Ritheann líne amháin liom agus tarlaíonn sé go nádúrtha agus go gasta ina dhiaidh sin.

4) An bhfuil líne ar leith a thaitníonn leat?

Bhí seal i mo shaol agus mé i mo ghiall, ach d’éalaigh mé fós ó mo cheann
Bean do mo chrá agus deacrachtaí grá, anois níl na fadhbanna ann

JJ lar

Liricí: ‘Más maith leat craic, tar linn’

Ní minic a bhíonn fadhb mhaith i mo shaol, ach glacfaidh mé leis an cheann seo
Beirt bhan atá teann is an bheirt acu fial, is tiocfaidh siad liomsa gan stró
Rogha gach bídh agus togha gach dí, tig beannachtaí chugam anuas
Má thuigimse í is má thuigeann sí spraoi, níl deacrachtaí againn ón tús

Ná glac le cac mar ní fiú faic é
Ceol is craic, ná fág amach é
Bain díot do léine, faoi theas na gréine, goitse gach éinne liom

Scread amach os ard do chinn, más maith leat craic, tar linn (x4)

Bhí seal i mo shaol agus mé i mo ghiall, ach d’éalaigh mé fós ó mo cheann
Bean do mo chrá agus deacrachtaí grá, anois níl na fadhbanna ann
Glacann sé am agus tiocfaidh an t-am nuair a bheidh do chroí éadrom arís
Má tá tú faoi ghruaim coinnigh do stuaim, ní fada go mbeidh tú ar bís

Ná glac le cac mar ní fiú faic é
Ceol is craic, ná fág amach é
Bain díot do léine, faoi theas na gréine, goitse gach éinne liom

Scread amach os ard do chinn, más maith leat craic, tar linn (x4)


Tráthnóna inniu, beidh J.J. i mbun cainte leis an chraoltóir craiceáilte Rónán Mac Aodh Bhuí (3-4in ar RnaG).

Coinnígí súil amach don amhránaí gealgháireach dalba seo ar liosta ceoltóirí an G-Spota agus an Chabaret Craiceáilte, oícheanta a mheallann sé slua mór i gcónaí agus a fhágann girseacha ag screadaíl ina dhiaidh!

 

SCÉALTA EILE