Amhrán na hAoine:

Gach Aoine bíonn cluas á tabhairt againn le hamhrán nua-chumtha Gaeilge ar leith.

An tseachtain seo, labhair Sadhbh O’Sullivan, aka SIVE, linn faoina hamhrán ‘Ladrainnín’.

Amhránaí binn, ceoltóir ildánach agus cumadóir aitheanta is ea í bean Chill Dara, atá ag cumadh amhrán agus ag ceol ó bhí sí sna déaga.

Sheol Sive a céad tacar d’amhráin nua-chumtha, We Are Moving, thiar in 2012 agus tá sí gnóthach ag gigeáil timpeall na tíre agus ag obair ar amhráin úra, i nGaeilge agus i mBéarla, ó shin.

Is é ‘Ladrainnín’ an singil is déanaí le Sive, a seoladh mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge i mbliana.

Amhrán é a chuirfeadh ar do shuaimhneas thú, a bhfuil blas láidir an daoncheoil agus an tsnagcheoil le brath air, agus atá á thionlacan ag Cathy McEvoy ar an fhidil agus Jon Sanders ar an bhasucaí.


Breathnaigh ar fhíseán ‘Ladrainnín’ agus tabhair cluas le héisteacht leis.

Cad é an cúlra atá ag ‘Ladrainnín’?

Bhí mé ag glacadh páirte i gceardlann cumadóireachta le John Spillane nuair a bhuail an smaoineamh mé.

Chum mé an tséis agus na liricí do na véarsaí agus an curfá sa cheardlann, agus ansin thóg mé an t-amhrán abhaile chun críoch a chur leis.

Bhí mé ag foghlaim cuid mhór ceoil thraidisiúnta ar an ngiotár ag an am, agus mar sin chinn mé mo ghiotár a thiúnáil síos go DADGAD.

Cén teachtaireacht atá ann?

Bhuel, is cuileog bheag í an ladrann atá saghas cosúil le foiche; tá siad dubh agus ór ach gan chealg.

Cumadh an t-amhrán faoi dhaoine a dteastaíonn uathu íomhá chrua bhagrach nó gnúis dhúr a chothú ach i ndáiríre is easpa muiníne atá taobh thiar de.

Is dócha gurb é teachtaireacht an amhráin ná gur chóir a bheith macánta agus nach fiú duit a bheith ag ligean ort féin gur duine eile thú.

Tiocfaidh an fhírinne amach sa deireadh!

An bhfuil líne ar leith a thaitníonn leat?

Seans ann gur instinn ainmhíoch?
Ach níl creach agat, gan nead le caomhnú
Níl ann ach do mhuineál féin

Taispeánann na línte seo nach bhfuil aon chiall le bheith ag cur i gcéill.

Ba cheart dúinn a bheith níos cineálta lena chéile.


Liricí: Ladrainnín

Curfá:
Níl ionat ach ladrann, i riocht foichí
An mbeadh fonn ort mé ionsaí le cealg?
Ní dóigh liom go n-éireodh leat
Mar níl ionat ach ladrainnín
Níl ionat ach ladrainnín

Ag rith ar thanaí atá tú
Lá amháin tiocfaidh beach, nó seabhac nó préachán
A aithneoidh gur bréag atá ann
Roimh tú chogaint agus caitheamh amach
Is do mhionsciatháin

Cúrfa

Chruthaigh tú pictiúr le taispeáint don saol
Is scéin ort go dtréigfeadh dath na híomhá
Ach fiú tríd an gcóta tiubh, daite go geal
Faoin dubh agus ór, is léir dom nach bhfuil ionat…

Cúrfa

Cén fáth go dteastaíonn uait mé a scanradh?
Níl mé ach i mbun mo ghnó
Seans ann gur instinn ainmhíoch?
Ach níl creach agat, gan nead le caomhnú
Níl ann ach do mhuineál féin
Ar mire, ag scinneadh thart
Ach cá bhfuil tú ag dul?
An bhfuil fhios an domhain ad?

Curfá X 2


Éist le tuilleadh ceoil le spéirbhean Chill Dara ar Spotify agus Soundcloud.

Is féidir ‘Ladrainnín’ agus amhráin eile le Sive a íoslódáil ó Bandcamp agus coinnígí ar an eolas faoi cad atá ar bun aici ar a suíomh!

SCÉALTA EILE