Tá Rónán Beo@3 ar ais ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu (yee haa!) agus tá ‘Amhrán na hAoine’ ar ais anseo ar NÓS chomh maith!
Ó chuir muid tús le ‘Amhrán na hAoine’ anuraidh tá ardán tugtha do níos mó ná 40 amhrán nuachumtha Gaeilge agus beidh muid ag déanamh amhlaidh arís gach Aoine le linn na míonna amach romhainn.
Chun tús a chur leis an séasúr nua seo tá fear óg as Cill Chainnigh againn lena amhrán réchúiseach acústach, ‘Léinte’.
Is duine de chlann cheolmhar é Noah Snyder – bhí sé féin agus a dheartháir Eoin agus a dheirfiúr Andi le cloisteáil anseo roimhe – agus tá an fhéith sin le brath go soiléir sa traic aonair seo uaidh.
Tá Noah, atá 16 bliana d’aois, ag seinm an phianó agus giotár ó bhí sé an-óg agus lá amháin ba mhian leis bheith ag seinm ar stáitse os comhair na mílte duine… más aon chomhartha é an t-amhrán úr féinscríofa seo, níl aon amhras orainn go rachaidh sé i bhfad!
Éist leis an amhrán, léigh faoi anseo thíos agus ná caill agallamh le Noah ar Rónán Beo@3 níos moille inniu!
1. Cad é cúlra an amhráin?
Is scéal fada é idir mé féin agus cailín, a insítear thar oíche amháin.
2. Cén teachtaireacht atá ann?
Níl aon fhíor-theachtaireacht ann le bheith ionraic ach tá sé bunaithe ar eispéireas, ar mo mhothúcháin phearsanta agus conas déileáil leo.
3. An bhfuil líne ar leith a thaitníonn leat?
“Téigh i dtigh diabhail agus tóg mé leat.”
An fáth a bhfuil dúil agam sa líne seo mar go bhfuil sé láidir mar íomhá agus taispeánann sé go soiléir an tslí a mothaím san amhrán seo.
LIRICÍ: Léinte
Suite sa bhfuacht in aice leat
Níl aon ór agat ach tá m’anam agat
Toitíní ag dó poll i mo bhrístí
Tá siad scriosta cosúil le mo mhianta briste.
Ná féach orm tríd na súile sin
Feicim anois go bhfuil stoirm mhór gealta dúinn
Fágfaidh mise i d’aonar thú
Brón orm tá an locht sin orm níor chuala mé nuair a ghlaoigh tú.
Nílim ag dul ar aghaidh gan tú i ndán dom
So, nílim ag dul in aon áit mar níl tú ann liom
Ag siúl tríd tine tríd an mbaile ar fad
Téigh i dtigh diabhail is tóg mé leat.
Ná féach orm tríd na súile sin
Feicim anois go bhfuil stoirm mhór gealta dúinn
Fágfaidh mise i d’aonar thú
Brón orm tá an locht sin orm níor chuala mé nuair a ghlaoigh tú.
Níl mo ghrá uait
Ach tá mo chroí
Níl mo ghrá uait
Is mé d’amadán is tú mo stoirín
Tá sé soiléir go bhfuil tú gortaithe.
Feicim é sin tríd mo chroí briste
Cheap mé go raibh do ghrá foirfe dom
Ach níl sé sin ag teastáil tá do nimh uaim.
Ná féach orm tríd na súile sin
Feicim anois go bhfuil stoirm mhór gealta dúinn
Fágfaidh mise i d’aonar thú
Brón orm tá an locht sin orm níor chuala mé nuair a ghlaoigh tú.