Amhrán na hAoine:

Agus an chéad Aoine den bhliain úr buailte linn, tá áthas orainn amhrán nua-chumtha le Spats Colombo ‘Ní ag cur i gcéill’ a bheith againn chun tús a chur le sraith nua d’Amhrán na hAoine.

Tá lúcháir orainn a fhógairt fosta go mbeidh na Spatadóirí ag tabhairt aghaidh ar an stáitse le seit beo a chur inár láthair ag oíche bhronnta Gradaim Cheoil NÓS 2017 sa Sugar Club, BÁC, 20 Eanáir.

Amhrán mothálach is ea é ‘Ní ag cur i gcéill’ a léiríonn an dá thaobh den ghrá.

Tá an t-amhrán cumtha agus á cheol go binn ag Rhona Ní Chearbhaill (thíos ar chlé), agus á thionlacan ag an fhidléir Mícheál Ó Ciaraidh.

Tá ‘Ní gá cur i gcéill’ ainmnithe ar ghearrliosta ‘Amhrán na Bliana’ ag Gradaim Cheoil NÓS agus tá an banna luaite ar ghearrliosta na rannóige ‘Banna/Ceoltóir na bliana’ fosta.

Labhair Rhona linn faoi ‘Ní ag cur i gcéill’. Tabhair cluas dó anseo!

1. Inis dúinn faoi chúlra an amhráin.

Thug Simon (ball eile an ghrúpa) an ceol don amhrán seo dom agus thaitin sé láithreach liom.

Shíl mé go bhfeilfeadh an ceol do scéal grá ach bhí uaigneas éigin le brath ann ag an am céanna.

Scríobh mé liricí a léiríonn an grá mór sin agus an suaimhneas a airíonn tú i gcomhluadar duine nuair a thiteann tú i ngrá den chéad uair, agus ansin an briseadh croí agus an t-uaigneas a airíonn duine nuair a bhristear an dílseacht sin, mar a tharlaíonn go minic i gcaidrimh!

2. An bhfuil teachtaireacht ar leith ann?

Níl aon teachtaireacht ar leith ag an amhrán ach léiríonn sé an dá thaobh de scéal an ghrá… agus shamhlóinn go bhféadfadh go leor daoine bá a bheith acu leis an gcineál sin scéil.

3. An bhfuil líne ar leith a thaitníonn leat?

Ní fhéadfainn a rá go dtaitníonn aon líne ar leith liom thar aon cheann eile ach caithfidh mé a rá go dtaitníonn líne an churfá liom ‘is tú grá mo chroí’. Is rud é sin a deirtear go minic thart anseo i gConamara ‘grá mo chroí thú’ ach ní minic, dar liom, a chloistear na focail sin in amhráin. Is dóigh liom go bhfuil na focail shimplí sin thar a bheith tábhachtach.

Liricí – Ní ag cur i gCéill

Ní ag cur i gcéill atá mé
Ní ag cur i gcéill atá mé,
Nó ag tarraingt aird gan bhrí,
Cé nach dtabharfainn cúl le haon duine.

Ainneoin na scamaill mórthimpeall,
is an slua mo chrá ó gach aon taobh,
airím aoibhneas i d’fháisceadh, i bhfáisceadh na hoíche.

Mar is tú grá mo chroí, is mo shaoil
Mar is tú grá mo chroí, is mo shaoil
Mar is tú grá mo chroí, is mo shaoil

Ní ag cur i gcéill atá mé,
Ní fheicfidh tú arís mé go brách
Bhí do spraoi agat ach ní bheidh níos mó

Shamhlaigh mé mo shaol le do thaobhsa
I gclúid do chroíse go deo
Óinseach gan chiall ag súil le dílseacht, dílseacht uaitse.

Mar is tú grá mo chroí, is mo shaoil
Mar is tú grá mo chroí, is mo shaoil
Mar is tú grá mo chroí, is mo shaoil

Mar is tú grá mo chroí, is mo shaoil
Mar is tú grá mo chroí, is mo shaoil
Mar is tú grá mo chroí, is mo shaoil

SCÉALTA EILE