Gach Aoine ar NÓS tá cluas á tabhairt againn le hamhrán nua-chumtha Gaeilge ar leith.
An tseachtain seo, labhair Lauren Ní Chasaide linn faoina hamhrán ‘Ní bheidh tú riamh leat féin’.
Seo an chéad amhrán nua-chumtha ag Lauren, amhrán a bhfuil teachtaireacht dhóchasach, glór fonnmhar láidir agus harmóin áille le Sadhbh O’Brien agus Fiona Paine le cloisteáil ann.
Is amhránaí agus scríbhneoir óg í Lauren as Baile Átha Cliath atá ag obair ar a halbam début faoi láthair, a sheolfar níos faide anonn sa bhliain.
Meascán d’amhráin i nGaeilge agus i mBéarla a bheas ar an eisiúint úr agus tá muid ag súil go háirithe le tuilleadh dá hamhráin nua-chumtha Ghaeilge…. Hup!
Éist le ‘Ní bheidh tú riamh leat féin’ agus léigh faoi anseo.
1) Cén cúlra atá ag an amhrán?
Bhí mé ag iarraidh amhrán a scríobh a chuirfeadh duine ar a shuaimhneas.
Má tá tú ag mothú uaigneach nó tréigthe ar bhealach, má chailltear duine éigin nó má thagann athrú tobann ar chúrsaí, is féidir leis an uaigneas tú a bhualadh.
Bíonn sé sin deacair. Bhí mé ag iarraidh rud éigin a scríobh faoi sin.
2) An bhfuil teachtaireacht ar leith ann?
Is teachtaireacht dhóchais í. Bíonn i gcónaí dóchas ann má chaileann tú duine éigin tábhachtach i do shaol.
Is féidir leo a bheith páirteach i do shaol go fóill agus de réir mar a bhogann tú ar aghaidh le do shaol, athraíonn rudaí.
Bíonn cuma níos dóchasaí ar an saol tar éis ama.
3) An bhfuil líne ar bith san amhrán a thaitníonn leat?
Fiú nach bhfuil mé leat faoi láthair…
Liricí: ‘Ní bheidh tú riamh leat féin‘
Níl a fhios agam céard atá chun tarlú
Céard a thiocfaidh os do chomhair
Fiú nach bhfuil mé leat faoi láthair,
Ar an ngaoth cloisfidh tú mo ghlór.
Nuair a bhíonn tú ag gáire,
Nuair a thiteann tú i ngrá,
Beidh mé leat i ngach aon bhrionglóid,
Beidh mé leat go deo, mo stór.
Deireadh an lae, dealraíonn sé,
Go ndéanfainn aon rud duit cibé,
Is é rud a bhfuil mé lán cinnte de,
Ní bheidh tú riamh leat féin.
Inniu, beidh Lauren i mbun cainte leis an chraoltóir craiceáilte Rónán Mac Aodh Bhuí (3-4in ar RnaG) faoina hamhrán nua!
Seolfar an chéad singil le Lauren ‘This in Time Will Pass’ ar an Aoine seo chugainn, an 12 Feabhra.
Singil carthanachta ‘Choons for ChildLine’ atá ann agus rachaidh an t-airgead ar fad go ISPCC ChildLine.
Baileoidh Lauren agus ceoltóirí eile le chéile – ina measc Hvmmingbyrd, Colm Gavin, Aisling Jarvis agus Ailsha Davey – d’oíche mhór cheoil ‘Choons for ChildLine’ in Whelan’s ar 12 Feabhra, ag a 8in.
Ticéad €5 agus ar fáil anseo.
Leanaigí Lauren ar Twitter @LaurenNiChasaid