Agus a gcéad singil ‘Ooh La La’ seolta acu óna n-albam úr Aon Seans ar Riot, tá áthas orainn Richie Ó hEadhra, aka príomhamhránaí Rís, a bheith linn do mhír cheoil na hAoine.
Le rithim fhuncaí fhuinniúil agus rifteanna bríomhara ag rith tríd, is amhrán é ‘Ooh La La’ a dhíríonn ar an andúil agus ar an ghrá.
Is é Richie a chum na liricí agus cuireadh barr feabhais ar an amhrán agus na baill ar fad le chéile.
Beirt deartháireacha, Richie (ar clé) agus Breandán Ó hEaghra ar (ar dheis), PJ McDonagh agus Pat Ó Neill atá sa ghrúpa Rís, agus iad i measc na gceannródaithe i ngluaiseacht an nuacheoil Ghaeilge.
Seo an chéad rian ón 4ú albam stiúideo le Rís, a thagann sna sála ar Heileo Campello (2003), An Fear nár Mhair ach Soicind (2010) agus Yahú (2015).
Geallann Richie go bhfuil an t-albam nua “réidh le dul” agus tá muidne in oifigí NÓS ag dúil go mór leis an seoladh agus le Rís a fheiceáil ar an bhóthar lena bhfoinn úra!
Níos luaithe an tseachtain seo, labhair NÓS le Richie faoin fhíseán iontach atá ag gabháil le ‘Ooh La La’ a bhfuil Gavin ‘galánta’ Ó Fearraigh agus aisteoir álainn, Candice Pittman, as LA le feiceáil ann (léigh faoi anseo).
1. Inis dúinn faoi chúlra an amhráin.
Tháinig an t-amhrán chugam lá amháin agus mé amuigh ag rith, agus nuair a chuaigh mé abhaile d’oibrigh mé amach ar an ngiotár é agus sheol mé ar aghaidh chuig na leaideanna eile é.
Tháinig muid le chéile i mBéal Feirste do cheolchoirm agus rinne muid barr smaoise a chur air le Pat & PJ, a chuir a gcuid fuinnimh féin isteach ann.
Mé féin agus Breandán a chuir an ceol agus na liricí leis. Oibríonn muid go maith le chéile agus baineann muid an-chraic as.
2. An bhfuil teachtaireacht ar leith ann?
An chaoi atá sé san fhíseán, tá idir ghrá agus ghráin sa chaidreamh, ach nuair a bhí muid á scríobh d’fhéadfadh an t-amhrán, chomh simplí céanna, bheith faoi dhrugaí nó rud ar bith sa saol a bhfuil tú tógtha leis, nach féidir caitheamh uait go héasca.
3. An bhfuil líne ar bith a thaitníonn leat?
Is measa í ná Nicotine
Drochrud a choinníonn greim
Cuireann an chéad líne tús maith leis an amhrán uilig ar bhealach.
Abair, sa chás seo, tá muid ag caint ar an bhfear agus an bhean; tá an fear ag iarraidh fáil réidh leis an gcailín.
Ach feiceann tú ag deireadh an fhíseáin an bhean ag tarraingt an fear le rópa. Ar nós na handúile, titeann sé sa deireadh. Níl sé in ann an tarraingt a shárú.
Liricí: Ooh La La
Is measa í ná Nicotine
Drochrud a choinníonn greim
7 lá na seachtaine, Tá sí i m’intinn
Shiúil mé na sráideanna, thart ar na céibheanna
Seacht mhallacht orm gan tada agam ach Ooh la la x 4
Cé eile a choinneodh í
Faoi gheasa an chailín sí, mo tharraingt chuicise, m’ainm ar a liopaí aici,
Shiúil mé na sráideanna, thart ar na céibheanna, seacht mallacht orm gan tada agam ach Ooh la la x4
Curfá
Lá ar mo chosa ‘s lá ar an talamh
Coinneoidh mise ag imeacht nó go bhfaighidh sí greim
Chaill mise an iomarca ama léi cheana
La ooh la la
Fan uaim a sclíteachín, is measa thú ná nicotine
Galar nach dteastaíonn uaim
D’fhág mé thú i bhfad ó shin
Shiúil mé na sráideanna, thart ar na céibheanna, seacht mallacht orm gan tada agam ach Ooh la la x4
Curfá arís