Tá siad ar ais!
Tar éis na n-albam Heileo Campello (2003), Fear Nár Mhair Ach Soicind (2010) agus Yahú (2015), tá fathaigh rac na Gaeilge, Rís, ar tí a gceathrú halbam stiúideo a sheoladh amárach.
Aon Seans Ar Riot? is teideal dó agus, mar a bheifeá ag súil leis, tá sé lán fuinnimh, liricí láidre agus buillí greamúla.
Thaifead na leaids (Richie Ó hEadhra, Breandán Ó hEaghra, PJ McDonagh agus Pat O’Neill) na hamhráin ar fad thar thrí lá i gClóirtheach, Co. Uíbh Fháilí, i mí Mheán Fómhair agus anois seolfar an t-albam go hoifigiúil ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne.
Eisíodh singil ón albam, ‘Ohh La La’, ní ba luaithe i mbliana agus anois tá réamhbhlaiseadh eile faighte againn i bhfoirm ‘Cam le Corrán’.
Amhrán rithimiúil tréan diabhlaí é seo le curfá a fhanfaidh i do cheann ar feadh i bhfad.
Léigh faoi thíos agus ná déan dearmad go mbeidh Rís ar sheó mór Rónán Beo @ 3 ó Óstán an Gleneagle inniu agus ar Nuacht TG4 anocht ar 7in.
Seolfar Aon Seans Ar Riot? ar chlár Bláthnaid Libh ar RTÉ RnaG maidin amárach ar 11rn agus ansin san oíche amárach beidh gig spleodrach an tseolta ar siúl san INEC @ 10in.
Beidh cóipeanna den albam ar díol ag an Oireachtas agus eiseofar ar Spotify agus ar iTunes go luath é! Hup Rís!
Beidh muid ag @OirnaGaeilge ar an aer le @ronanbeo @blathnaidlibh @TG4 Gig ar an Sathairn @10 san @INECKILLARNEY Bí linn. 👏🏻🎵 pic.twitter.com/xGuVnVw3hK
— Rís (@RisCeol) October 27, 2017
1. Cad é cúlra an amhráin?
Seo amhrán a tháinig chéile nuair a nasc Richie agus Breandán dhá amhrán a rabhadar ag obair air go neamhspleách isteach ina chéile.
Bhí rif láidir ag Richie agus an falsetto catchy ag Breandán agus astu seo a d’fhás an píosa ceoil dramatúil ar fad.
2. Cén teachtaireacht atá ann?
Seachain an drochrud!
San amhrán baintear úsáid as seanseift rac, uair go gcuirtear an diabhal féin ag caint.
Tá sé ag maíomh as greim a fháil ar an té atá lag!
3. An bhfuil líne ar leith a thaitníonn leat?
“Is mise an diabhal do do chuartú, chuala mé an rud a dúirt tú. Tá do shaolsa gann, bhuel tá an freagra agam.”