Amhrán na hAoine:

Gach Aoine bíonn cluas á tabhairt againn le hamhrán nuachumtha Gaeilge ar leith.

An tseachtain seo, labhair príomhghiotáraí Dysania, Aindriú de Buitléir, linn faoina n-amhrán ‘Róisín Dubh’.

Ar cheann de cheithre rian bheoga atá le cloisteáil ar début EP, An Treo Eile a eisíodh anuraidh, tá sé furasta a bheith meallta ag an amhrán seo a bhfuil cordaí “salacha”, ceol na feadóige, liricí den scoth agus blas punc go smior ann.

Tá léirithe ag racairí Mhuineacháin go bhfuil neart taobh thiar dóibh in achair an-ghairid.

Iarbhuaiteoirí Scléip is ea iad a fuair ainmniúchán i 5/7 rannóg éagsúla ar ghearrliosta Ghradaim Cheoil NÓS 2015.

Deirtear linn go bhfuil fuinneamh úr sa ghrúpa – i gcruthaíocht ceoltóra nua – agus go bhfuil rudaí speisialta ar na bacáin ag na réaltaí óga seo sna míonna amach romhainn.

Beidh muid ag feitheamh go foighneach a chairde!

Éist le ‘Róisín Dubh’ agus léigh faoi!

1) Cad é an cúlra atá ag ‘Róisín Dubh’?

Cumadh an t-amhrán thart ar dhá bhliain ó shin.

Ceapaim go bhfuil dhá thaobh ann. Ar leibhéal amháin, tá an chuma ar an scéal gur amhrán é faoi bhean agus fear a bhfuil deacrachtaí acu agus nach bhfuil ag réiteach rómhaith le chéile.

Ar leibhéal níos doimhne ná sin b’fhéidir, agus is tráthúil gur lá an toghcháin atá ann inniu, tá sé ag rá rud éigin faoin chaidreamh atá againn leis an rialtas, agus le rialtais a tháinig roimhe.

Abair sa líne seo…

Ná bac leis an cac
Ciúin ciontach, ceann crochta
Mar níor athraigh tada.

Bíonn an cur chuige céanna á chur i bhfeidhm ag na rialtais agus níl muid ag feiceáil athruithe ar bith.

Is amhlaidh atá cúrsaí idir an bhean agus an fear, níl rudaí ag athrú, tá rudaí trína chéile agus níl siad sásta leis an chaidreamh.

2) Cén teachtaireacht atá ann?

Braitheann sé ar an duine. Ná cur barraíocht duit féin sa chaidreamh, an léamh a bhí agam air nuair a chuir Josh (McPhillips) an chéad dréacht chugam.

Is ceart seasamh suas ar do chonlán féin, agus aire a thabhairt duit féin seachas achan rud a thabhairt don duine eile agus don chaidreamh.

Sin an míniú a tharraing mé uaidh cibé.

3) An bhfuil líne ar leith a thaitníonn leat?

Is maith liom…

As áit ar shráid in áit
Ar staid
Táim cosúil le gach duine eile.

Taitníonn an líne sin liom mar gurb é sin mar a mhothaím ar stáitse ag ceol an amhráin.

Tá an t-amhrán iontach simplí. Ceithre chorda ag rith fríd ó thús deireadh tá sé iontach salach. Tá punc go láidir ann.

Ar dhóigh amháin tá muid cosúil le gach duine eile atá ar stáitse ag gabháil den chineál sin ceoil ach bímid ag canadh i nGaeilge agus sin an difear.

an treor eile

Liricí: ‘Róisín Dubh’

Scéal casta, Fanacht Leatsa
Ag an doras, níl sé furasta
Ach déanfaidh mé é ar aon nós.

Fliuch báite, sona sásta
Níl fáth dó
Ach fós.

Bí cinnte le do smaointe
Réidh le dul gan mhoill
Ag an trí ar an mbuille.

Tú déanach, anseo ar aon nós
Dathúil, ag lonrú
Cosúil le gach lá eile.

Creid é nó ná creid
Ach tá an bhean seo liomsa.

Róisín Dubh ab ainm di
Thóg sí mo airgead is mo chroí
D’fhág sí mé gan fiú áit le suí
Tá Róisín Dubh mar fhadhb a nócha-naoi.

Tá tú 
Gan locht, gan post
Faoi cos, glac sos
Ón raiméis seo ar fad.

Ná bac leis an cac
Ciúin ciontach, ceann crochta
Mar níor athraigh tada.

As áit ar shráid in áit
Ar staid
Táim cosúil le gach duine eile.

Dhá súil, dhá chos
Dhá lámh, cúpla cnámh
Is bean den scoth a luíonn i leabaí eile.

Róisín Dubh ab ainm dí
Thóg sí mo airgead is mo chroí
D’fhág sí mé gan fiú áit le suí
Tá Róisín Dubh mar fhadhb a nócha-naoi.

Róisín Dubh ab ainm di
Thóg sí mo airgead is mo chroí
D’fhág sí mé gan fiú áit le suí
Tá Róisín Dubh mar fhadhb a nócha-naoi.


Tá muid ag súil cheana féin le Dysania a bheith ag rácáil leo ag Ravelóid, mí an Mheithimh seo chugainn!

Idir an dá linn tugaigí cluas le tuilleadh ceoil ar Bandcamp agus coinnigh ar an eolas faoin bhanna óg iontach seo ar Twitter:@DysaniaG agus Facebook.

Beidh Aindriú i mbun cainte le Rónán Mac Aodh Bhuí inniu idir 3-4in ar RngG. Tiúnaigí isteach!

SCÉALTA EILE