Gach Aoine tugaimid cluas le hamhrán nuachumtha Gaeilge ar leith.
An tseachtain seo, labhair Aoife Scott linn faoina hamhrán ‘Slán Leat’, a chum sí le hEnda Reilly.
Agus í ag ceiliúradh a céad albaim ‘Carry The Day’ i mbliana, níl aon stop le hamhránaí óg na hardchathrach ó chinn sí dul leis an cheol go lánaimseartha.
Faoi láthair, tá Aoife seo i mbun camchuairte timpeall na tíre lena halbam nua agus í ag tabhairt aghaidh ar ardán Workmans anocht do sheó mór an turais.
Is amhrán dóchasach é ‘Slán Leat’, ceann den dá amhrán nuachumtha Gaeilge atá le cloisteáil ar an albam nua.
Meascán d’amhráin nuachumtha agus amhráin thraidisiúnta a thug Aoife léi thar na blianta atá i gceist le ‘Carry the Day’, a phléann ceisteanna sóisialta, imeachtaí staire agus an Ghaeilge.
Bhain ‘Slán Leat’ an tríú háit sa Chomórtas Pan-Cheilteach d’Amhrán Nuachumtha i mbliana.
Éist le ‘Slán Leat’ agus léigh faoi!
1) Cad é an cúlra atá ag ‘Slán Leat’?
Bhí sé iontach tábhachtach dom go mbeadh 10% den albam i nGaeilge agam agus bhí mé ag lorg amhrán Gaeilge do dheireadh na hoíche a bheinn in ann a theagasc don lucht féachana, le go mbeadh daoine in ann a chanadh liom.
Sin a bhí mé agus Enda ag díriú air.
Choinnigh muid na liricí deas simplí le go mbeadh gach duine in ann é a chanadh.
2) Cén teachtaireacht atá ann?
Go dtagaimid ar ais le chéile arís! Tabhair aire ar an mbóthar agus tiocfaidh muid le chéile amach anseo, is dóigh liom gur sin an teachtaireacht taobh thiar de.
Parting glass dóchasach is ea é.
Bhí go leor den bhriathar a bhíonn in úsáid i bpaidreacha ann.
Is amhrán dea-ghuí atá ann.
3) An bhfuil líne ar leith a thaitníonn leat?
Go dtéithe an ghrian d’aghaidh
Nára séide do hata ar an ghaoth
Go n-airí-tú-boladh an fhéir ghlais lomtha ,
S’ go gcaithe tú-láimhíní
[olla] deas(a) buí
Ceapaim go bhfuil mo phearsantacht go mór le brath sa vérsa seo.
Ba dheas liom go mbeadh daoine te teolaí ar lá fuar geimhridh, leis an ghrian ar a n-aghaidh agus iad ag caitheamh lámhainní geala a choinníonn deas te teolaí iad.
Ní luíonn sé leis an chuid eile den amhrán atá níos ginearálta ach tá mo phearsantacht féin go mór ann. (le gáire)
Lirící ‘Slán Leat’
Cúrfa
Slán Leat, slán abhaile,
Tabhair aire ar an mbóthar
Slán go fóill, slán abhaile,
Is iomaí cor sa tsaol
Slán leat, slán abhaile,
Ní hé seo deireadh an scéil
Slán go fóill, slán abhaile,
Go mbuaile muid arís
Cúrfa
Go bhfeice tú solas na maidine
Go gcloise tú briseadh na dtonnta
Go maire tú an lá
Gus go raibh tae de shíor i d’ phota
Cúrfa
Go bhfeice tú réalt na hoíche
Go gcloise tú ceol do mhuintir
Go dté tú an chéad
S’go raibh tú slán sábháilte socair,
Cúrfa
Go gcluine tú an port is aoibhine
Ar sheanfhidil do mhamó
Go bhfeice tú an meangadh mór
Ar aghaidh do gharmhic óig
Cúrfa
Go dtéithe an ghrian d’aghaidh
Nára séide do hata ar an ghaoth
Go n-airí-tú-boladh an fhéir ghlais lomtha ,
S’ go gcaithe tú-láimhíní
[olla] deas(a) buí
Cúrfa
Nuair a thagann uair na cinniúna
Agus is fíor go dtiocfaidh an t-am
Go raibh na focla seo fós ag ceol
‘s ag fánaíocht i do cheann
Cúrfa
Slán go fóill, slán abhaile,
Go mbuaile muid arís
Agus í ar ais ó chamchuairt timpeall na tíre, beidh Aoife i mbun ceoil ina cathair dhúchais anocht, i dteannta Enda Reilly sa Workmans, Dé hAoine, 4 Márta, 20:30. Tuilleadh eolais anseo.
Bígí ag tiúnáil isteach go RnaG idir 2-4 inniu, tráth a bheidh Aoife i mbun cainte le Rónán Mac Aodh Bhuí. HUP!