Amhrán na hAoine

Gach Aoine bíonn cluas á tabhairt againn le hamhrán nua-chumtha Gaeilge ar leith.

An tseachtain seo, labhair Tony Mac Ruairí ó Chlann Mhic Ruairí linn faoin amhrán ‘Súile’, a chum sé féin.

Lán mothúchán, íomhánna láidre agus filíochta, is caoineadh é ‘Súile’ atá á cheol agus á thionlacan go hálainn ag Megan, iníon Tony, an ball is óige den bhanna.

Ceathrar deartháireacha – Tony, Aodh, Seán, Dónall – agus Megan atá sa bhanna ceolmhar seo as Rann na Feirste, i nGaeltacht Thír Chonaill.

Dílis d’anam traidisiúnta na n-amhrán i gcónaí, casann siad meascán d’amhráin dhúchasacha óna gceantar féin agus amhráin nua-chumtha.

‘Súile’ is ea rianteideal an chéad eisiúint le Clann Mhic Ruairí a seoladh anuraidh, agus ainmníodh an t-amhrán seo ar ghearrliosta Ghradam Ceoil NÓS sa rannóg ‘Amhrán na Bliana’.

Éist le ‘Súile’ agus léigh faoi thíos!

1) Cad é an cúlra atá ag ‘Súile’?

Chaill muid col ceathar linn thiar in 2012.

Chuir sí a lámh ina bás féin go hiontach óg.

Ní raibh sí ach 44 bliain d’aois.

Bhí sí linn am Nollag, agus ar an 9ú lá den bhliain úr, fuair muid scéala go raibh sí marbh.

Bean phósta, bhí triúr páistí aici. Beirt ghirseacha agus gasúr amháin.

Chuir sé isteach go mór orainn.

Nuair a bhí mí an chuimhneacháin ann, bhí muid sa teach agus bhí iníon na mná seo ag suí trasna orm.

D’amharc mé isteach ina súile dorcha, agus rith na focail seo isteach i mo chloigeann.

Chuir mé mé féin isteach i mbróga an chailín óig seo.

Chuaigh mé ‘na bhaile ansin agus bhí bunús an amhráin scríofa taobh istigh de 10 mbomaite.

Agus mé ag déanamh taighde ar chúrsaí na caointeoireachta, fuair mé amach gur sin an rud a tharlaíonn.

Mar a bheadh racht ann, tig sé amach as d’ucht.

Ní amháin an brón ach bhí mé ábalta tuigbheáil a fháil ar cad é a bhí ag dul ar aghaidh.

2) An bhfuil líne ar leith a sheasann amach duit? 

Tá sé lán mothúchán. Cuireann sé síos ar íomhánna na hoíche.

Sa líne seo abair…

le milseacht mo phóig seo deireadh mo shlí

Is íomhá an-láidir é sin. Sin mar tharla sé. Bhí cupán tae aici lena fear céile an oíche sin.

D’éirigh sé as a choladh, d’amharc sé thart agus bhí sí ar shiúl.

D’imigh sí agus rinne sí an gníomh.

Tá íomhá iontach láidir ann.

Bhí a fhios agam an scéal agus chuir mé i bhfriotal filíochta é agus chuir Megan, m’iníon-sa, ceol leis.

Amhrán iontach pearsanta atá ann, tá sé iontach deacair rud mar seo a chur i láthair.

Tá sé ar nós tú a bheith lom nocht os comhar an tsaoil mhóir.

Is iad na gasúir a mhol dúinn ‘Súile’ a chur ar an albam.

Is deas go dtáinig rud ealaíonta as an tragóid.

3) Is iontach tú a bheith ag labhairt go hionraic oscailte faoin fhéinbhás…

Is ábhar iontach tromchúiseach é, ábhar atá deacair le bheith ag labhairt faoi.

Níl tú ag iarraidh an oíche a tharraingt anuas ag caint ar fhéinbhás ach tá deichniúr gach seachtain á dhéanamh sa tír seo.

Ba mhaith linn a chur in iúl do dhaoine óga go bhfuil sé maith go leor mura bhfuil tú ag mothú maith go leor.

Dá ndéanfadh Margaret sin, b’fhéidir go mbeadh sí linn inniu.

Má tá tú in ísle brí, labhair amach le do mháthair, le d’athair, le do chairde…

Cuireann na Samaritans fáilte roimh dhaoine dul i dteagmháil leo, ar an ghuthán nó ar ríomhphost, 24 uair an chloig sa lá, 7 lá den tseachtain, 365 lá sa bhliain.


Liricí: ‘Súile’

Uaigneas a’ tsléibhe measc slóite na bhfiann

Freagair! níl freagair, ar fhuascailt mo phian
An é seo mo shaol gan treo, gan rian?
Éalaigh! ní mo rogha é nó mo mhian

Srian a scaoileadh fríd scáilí an tsaoil
Fríd shúile dorcha an pháiste fágtha

An fhearthainn ag greadadh ar ghloine an tí
Screadach an éanlaith ag fógairt lucht sí
Bonnán droim toinne lán neart is brí
Gaineamh mín tirim ag séideadh sa ghaoth

Srian a scaoileadh fríd scáilí an tsaoil
Fríd shúile dorcha an pháiste fágtha

Brón do mo dhalladh i ndorchadas na hoích’
Sólás ná suaimhneas ní bheidh agam choích’
Éist liom! le fonn nó mífhonn a chroí
le milseacht mo phóig seo deireadh mo shlí

Srian a scaoileadh fríd scáilí an tsaoil
Fríd shúile dorcha an pháiste fágtha


Beidh Clann Mhic Ruairí i mbun ceoil agus scléip Tigh Leo, Croithlí, anocht agus beidh Tony i mbun cainte ar chlár Rónáin ar an tseachtain seo chugainn faoin amhrán. Coinnigh ar an eolas faoi réalta Rann na Feirste ar a leathanach Facebook.

SCÉALTA EILE