Gach Aoine bíonn cluas á tabhairt againn le hamhrán nuachumtha Gaeilge.
An tseachtain seo, labhair príomhamhránaí Boss Sound Manifesto, Cormac ‘Buzz’ Ó Briain, linn faoina n-amhrán ‘Trom Chúiseach’.
Taifeadadh ‘Trom Chúiseach’ ar an chéad tacar le Boss Sound, In it for the Good Times, a tháinig amach in 2014, agus é ar cheann den dá amhrán Gaeilge atá le cloisteáil air.
Tá clú agus cáil ar an bhanna Fheirsteach seo, as a gcuid réige gasta ardfhuinnimh agus ska lán sól.
Faoi láthair, tá na leaideanna ag obair ar aghaidh ar albam nua a bheidh á chur amach acu go luath agus iad ag súil le heisiúint eile a sheoladh amach sa bhliain, a bheidh go hiomlán as Gaeilge. Hup!
Éist le ‘Trom Chúiseach’ agus léigh faoi thíos.
1) Cad é an cúlra atá ag ‘Trom Chúiseach’?
Tá a fhios agat nuair a chailleann tú foighid agus go n-éiríonn tú feargach…
Bhuel tá sé bunaithe ar fhearg agus ar an mhothúchán sin a thagann ort nuair a imíonn an fhearg agus ar an tuigbheáil sin a thagann leis go raibh tú iomlán mícheart.
2) Cén teachtaireacht atá ann?
Is é an ceacht san amhrán ná gan a bheith feargach sa chéad dul síos. Nuair a bhíonn tú feargach, sa deireadh bíonn tú dubh dóite leat féin mar gheall ar d’iompar féin. Is dóigh liom gur scríobh mé é tar éis argóna.
3) An bhfuil líne ar leith ann a thaitníonn leat?
Is maith liom…
Le taispeáint grá in áit fearg
le bheith deas gan aghaidh dhearg
Sílim nuair a thaifead mé é go ndúirt mé ‘aghaidh dearg’.
Ach beo, tá mo chuid gramadaí focain iontach! [Gáire!]
Liricí: Trom Chúiseach
Táim i mo shuí trom chúiseach
ba bheag gur scrios mé mo shaol i dhá leath
ní féidir le ceann te ar bith
bheith te gan bheith ag díol
‘s ní dhéanfaidh mé sin níos mó
barraíocht pian a haon a dó
anois don todhchaí cad é atá ann
ach mianta saora, sin an plean
bíonn mo cheann te – iontach te
bíonn mo cheann te – iontach te
bíonn mo cheann te – iontach te
Le taispeáint grá in áit fearg
le bheith deas gan aghaidh dhearg
geallaim duit ‘s geallaim dom
mo shaol ar fad a shuaimhniú
‘s ní dhéanfaidh mé sin níos mó
barraíocht pian a haon a dó
anois don todhchaí cad é atá ann
ach mianta saora, sin an plean
bíonn mo cheann te – iontach te
bíonn mo cheann te – iontach te
bíonn mo cheann te – iontach te
Beidh Cormac i mbun cainte le Rónán ‘Craiceáilte’ Mac Aodh Bhuí ar a chlár inniu, idir 3-4in, ar Raidió na Gaeltachta.
Coinnígí ar an eolas faoi cad atá ar siúl ag Boss Sound ar Facebook agus éistigí le tuilleadh ceoil uathu Soundcloud.