Amhrán na hAoine:
‘Uisce Uisce, Read All About It’ le Tuath!

Gach Aoine bíonn cluas á tabhairt againn le hamhrán nua-chumtha Gaeilge ar leith.

An tseachtain seo, labhair Rob Ó Maol Chiaráin ón bhanna Tuath linn faoina n-amhrán ‘Uisce Uisce, Read All About It’.

Is as Gaoth Dobhair do Rob agus ceoltóirí as Dún na nGall agus Maigh Eo an ceathrar eile sa bhanna;  Ashley Mobasser, Shane Mc Fadden, Scott Carlin agus Kevin Monaghan.

Ceoltóirí ildánacha iad ar fad a sheinneann meascán d’uirlisí leictreonacha, raic, agus práis.

Rac amhráin agóide é ‘Uisce Uisce, Read All About It’ agus is sampla maith é den stíl sícéadálach ailtéarnach shoe gaze a shamhlaítear le Tuath.

Tá clú agus cáil an bhanna óig seo ag dul i méid le gach gig agus taifead a dhéanann siad agus muid ag súil lena dara EP Existence is Futile a bheas á chur amach acu i lár na míosa seo chugainn!

Tabhair cluas le héisteacht le ‘Uisce Uisce Read All About It’ agus léigh faoi thíos.

1) Cad é an cúlra atá ag ‘Uisce Uisce Read All About It’.

Feabhra anuraidh a chum mé an t-amhrán. Tháinig mé ar an cheol ar dtús, taobh istigh d’uair an chloig nó mar sin, agus lean na focail ina dhiaidh sin.

Tá sé dírithe ar an agóid mhór faoin uisce a tharla i mBÁC ar 10 Nollaig 2014.

Bhí 80,000 duine amuigh ar na sráideanna an lá sin agus thuairisc RTÉ go raibh 30,000 i láthair ann.

Bhí mé ag iarraidh rud inteacht a rá faoi sin.

2) Cén teachtaireacht atá ann?

Amhrán agóide atá ann.

Léiríonn sé tacaíocht do lucht na hagóide agus cáineann sé an dóigh ar láimhseáil na Gardaí, agus na meáin, an agóid.

Is cuimhin liom go raibh Ryan Tubridy ag déanamh a bheag de ar an aer os comhair na milliún agus é ag caint shit ag an am céanna.

3) An bhfuil líne ar leith a thaitníonn leat?

An líne deireanach… Druid do bhéal Fianna Gael.

Bhí siadsan ag caint shit chomh maith!

Tuath eile

Liricí: ‘Uisce Uisce, Read All About It’

Uisce, tagann sé amach as an spéir,
Ní hé amach as do pháigh
Mar níl aon táille

Enda, tá an córas briste,
ach tá muid róchliste
carr úr a cheannacht duitse

Uisce uisce, read all about it
30,000 duine ag an agóid
Propaganda ar RTÉ
Táimid ag foghlaim cultúir ó Ryan Tubridy

na gardaí
mar uirlisí an stáit
ansin chun cumhacht a choinneáil ina áit
Gan dídean táimid básadh gach áit.

Druid do bhéal Fianna Gael x 4


Beidh Rob i mbun cainte le Rónán Mac Aodh Bhuí ar a chlár ar RnaG inniu idir 3-4in. Tiúnaigí isteach!