Banna ceoil as Dún na nGall a dhéanfaidh ionadaíocht ar son na hÉireann ag an Fhéile Phan-Cheilteach i mbliana tar éis gur bhuaigh siad an comórtas náisiúnta don amhrán nuachumtha i gCeatharlach ag an deireadh seachtaine.
Bhailigh slua le chéile in Óstán Seven Oaks oíche Shathairn chun éisteacht leis na hiontrálaithe éagsúla agus sa deireadh roghnaigh na moltóirí Seán Ó Sé, Liam Lawton agus Pádraigín Caesar gurbh iad Foireann Bhrí na buaiteoirí lena n-amhrán ‘Árainn Mhór’.
Tháinig Aoife Scott, Enda Reilly agus Séamas Barra Ó Súilleabháin sa dara háit agus an Ciarraíoch Eilín Ní Bheaglaoich sa tríú háit.
I measc na gceoltóirí eile ar ardán bhí na Gaeil aitheanta Marcus Mac Conghail agus Shane Ó hAonghusa.
Ceiliúradh bliantúil é an Fhéile Phan-Cheilteach ina nglacann daoine as Éirinn, Alba, Oileán Mhanann, An Bhreatain Bheag, Corn na Breataine agus an Bhriotáin páirt agus a chuireann teangacha agus cultúr na dtíortha Ceilteacha chun cinn.
Tá an comórtas idirnáisiúnta d’amhráin nuachumtha i dteangacha Gaelacha agus Briotanacha ar bhuaicphointí na féile agus amharctar air mar ‘Eoraifís’ Cheilteach.
Beidh Féile Phan-Cheilteach 2015, an 44ú ceann go dtí seo, ar siúl i gCathair Dhoire 7-12 Aibreán. Breis eolais ar panceltic.ie