Amhrán Nollag na hAoine


Tá áthas orainn go bhfuil an díséad dathúil Chris agus Dave linn an tseachtain seo chun beannachtaí ceolmhara na Nollag a scaipeadh i bhfad is i gcéin!

‘Bíodh agat Nollaig Mhaith faoi Shéan’, is teideal den chlasaic seo a bhíonn i measc na n-amhrán is mó seinm an t-am seo bliana.

Le fonn suaimhneach agus teachtaireacht dhearfach na Nollag, is furasta a shamhlú cén fáth!

Tá an t-amhrán Nollaigiúil seo á cheol anois inár dteanga bhinn féin ag Dáithí Ó Gallachóir (ar chlé) agus Chris Duffy, a bhuíochas le leagan Gaeilge Sheáin ‘John Boy’ Uí Mhuireagáin.

Tá lucht leanúna mór agus dílis cruthaithe ag Chris and Dave as a n-amhráin dheasa acústacha ar Facebook.

Leanaigí anseo iad, agus canaimis leo agus fan amach d’aonréad giotáir Chris ag an deireadh!

Liricí: ‘Bíodh agat Nollaig mhaith faoi shéan’

Bíodh agat Nollaig mhaith faoi shéan
Bíodh agat Nollaig mhaith faoi shéan
Éadromaigh do chroí
Is seo go deo
Buaireamh ar bith as radharc gan stró

Bíodh agat Nollaig mhaith faoi shéan
Is séasúir fáilteach é
As seo go brách
Beidh gach buaireamh i bhfad i gcéin

Seo anois mar a bhí fadó
Leatha órga i bhfad ó shin
Cairde fíréanta is neasa dúinn
Ag drannadh leat in athuair

Leis na blianta
Sinne a bheas le chéile
Más sin atá i ndán
Crochfar réalta loinnreach ar an ghéag is airde
Agus bíodh agat Nollaig mhór maith anois

SCÉALTA EILE