Amhrán nua eisithe ag Kneecap in ómós mháthair Mhóglaí Bap

Tá amhrán eisithe ag an ngrúpa ceoil as Béal Feirste Kneecap i gcuimhne mháthair Mhóglaí Bap, duine de rapálaithe an ghrúpa. ‘MAM’ an teideal atá ar an amhrán a eisíodh ar líne ag meán lae inniu agus é tiomnaithe ag Kneecap agus DYRT dá máithreacha.

Dúirt Móglaí Bap go raibh sé ag súil go mór leis an amhrán nua, a bhí idir lámha ag Kneecap agus DYRT le tamall, a thaispeáint dá mháthair, ach nach bhfuair sé an deis sin de dheasca a báis níos luaithe i mbliana.

“Faraor, chaill mé mo mháthair níos luaithe i mbliana nuair a chuir sí lámh in a bás féin agus briseadh croí a bhí ann dom nár chuala sí riamh [an t-amhrán],” a dúirt sé i ráiteas faoin amhrán nua a cuireadh amach ar na meáin shóisialta tráthnóna.

Beidh an rian ar fáil le ceannach an tseachtain seo chugainn agus tá sé i gceist ag Kneecap agus DYRT an t-airgead a thuilltear ón díol sin a thabhairt chuig na Samáraigh. Bhásaigh máthair Mhóglaí Bap, Aoife Ní Riain, dhá mhí ó shin agus í 61 bliain d’aois.

Tá Kneecap á réiteach féin le haghaidh camchuairte an bhliain seo chugainn. Chuir scaipeadh an víris chorónaigh ar fud na hÉireann isteach go mór ar an turas a bhí beartaithe acu don earrach i mbliana ach tá súil ag buachaillí Bhéal Feirste a bheith ag casadh i mBéal Feirste (13 Márta), Gaillimh (20 Márta) agus Baile Átha Cliath (3 Aibreán) an bhliain seo chugainn.

SCÉALTA EILE