Tá lúcháir orainn ‘I bhFostú sa bhFiántas’, an singil agus físeán úr ceoil leis an Árannach ceolmhar Pádraig Jack a sheoladh inniu ar NÓS.
Amhrán mothálach meabhrach is ea é a chuireann síos ar thubaiste bád iascaire a tharla gar go hÁrainn tamall de bhlianta ó shin.
Stoirm ba chúis leis an tubaiste thragóideach a tharraing bád agus an criú ar bord go tóin poill.
Tharla go raibh Pádraig Jack ag filleadh abhaile ar bhád ar an lá céanna, tamall sular éirigh ar an stoirm.
Agus é ag cumadh an amhráin, thriail Pádraig Jack “dul chuig áit” ina intinn féin ina bhfaigheadh sé léargas ar smaointe deireanacha an chaptaein, nuair a thuig sé go raibh an bás in ann dó féin agus dá chriú.
“Tá sé an-dorcha is dócha,” ar sé.
“Amhrán é faoi bhás, faoi fhaitíos, faoina bheith scanraithe agus imníoch; casaim an t-amhrán níos fearr nuair atá mé in ann mo chloigeann a fháil isteach san áit sin.”
Mhínigh Pádraig gur eascair an singil nua as amhrán Béarla dá chuid ‘Can’t Find My Way Home’, a cumadh tuairim is ocht mbliana ó shin.
“Thug mé faoi deara go raibh anam ag an amhrán seo nuair a chas mé beo é – ag open mic nó pé áit eile – nach raibh ag roinnt amhrán eile a bhí agam ag an am,” ar seisean.
“Ceapaim go bhfuil an t-ábhar seo láidir i gcultúr na n-oileán agus go dtarraingíonn an Ghaeilge rud breise amach as an amhrán.”
Mar chodarsnacht ar an eachtra chorraitheach bhrónach, tá cumhacht hiopnóiseach séimh ag an fhíseán ceoil a ghabhann leis.
Is le Mícheál G. Ó Ceallaigh, ealaíontóir agus iarmhúinteoir Phádraig, na lámha ealaíonta anaithnide atá le feiceáil san fhíseán aoibhinn.
Deirfiúr le Pádraig Jack, Aisling (Ní Fhlaithearta), a léirigh an físeán ceoil.
Is é Martin Hartnett an stiúrthóir agus James McCarthy a bhí i mbun taifeada.
Agus an-rath ar an chéad singil ‘Brú do Bhealach Féin’, tá muid ag súil le tuilleadh ceoil agus cumadóireachta ó fhear Árann na n-amhrán!
Beidh Pádraig Jack ag casadh sa Secret Garden i nGaillimh i dteannta Katie O’Connor ag ceolchoirm ar son Youth Suicide Prevention Ireland ar 6 Iúil, sula dtugann sé aghaidh ar an Fhéile Soma (An G-Spota) i gContae an Dúin.
Tuilleadh eolais faoina chuid gigeanna ar padraigjack.com