Tá tús curtha le togra nua corraitheach ceoil, agus is é amhrán le haghaidh an Ghaeil ghortaithe Pádraig Schaler atá mar chéad eisiúint acu.
Is comharghrúpa é IMLÉ atá bunaithe ag fear Raidió na Life agus dordghiotáraí le Wild Promises, Cian Mac Cárthaigh, agus ina bhfuil ceoltóirí eile ar nós MC Muipéad, Marcus Mac Conghail, Fergal Moloney (Wild Promises) agus Pearse McGloughlin (Idiot Songs) páirteach ann.
Meascán stíleanna an cur chuige cruthaitheach atá ag ceoltóirí IMLÉ – gach rud ó hip-hop agus pop go punc agus filíocht – agus tá tiúin breá funcaíáilte eisithe acu an tseachtain seo mar thús ar a gcuid cumadóireachta.
‘Pádraig’ is teideal don rian geal láidir a scríobh Marcus le haghaidh Phádraig Schaler, Gael aitheanta as Baile Átha Cliath a gortaíodh go dona i dtimpiste sna Stáit Aontaithe in 2013.
Ag deireadh na bliana seo caite eisíodh an t-albam Amhrán do Phádraig, faoi stiúir an phíobaire Maitiú Ó Casaide, chun airgead a bhailiú le cuidiú le cóir leighis Phádraig sa Ghearmáin agus anois tá an t-amhrán nua seo ann chun cur leis na hiarrachtaí sin.
“Ón tráth a gortaíodh Pádraig i Meiriceá i leith chuaigh na hiarrachtaí iontacha go léir a bhí (agus atá) á ndéanamh ag a chairde chun tacú leis agus lena mhuintir go mór i bhfeidhm orm,” arsa Marcus Mac Conghail.
“Grá agus meas – dílseacht agus dúthracht – agus cur chuige dearfach dochloíte.
“Scríobh mé dán dá thoradh seo go léir agus anois tá an t-amhrán ann le aird a dhíriú ar an gcúis gur thar lear atá Pádraig agus daoine atá sa riocht céanna leis ag fáil chóir leighis agus ní ina dtír féin – tá an stát agus an córas sláinte ag loiceadh orthu.”
Is féidir éisteacht leis an amhrán thuas agus é a cheannach anseo – níl ach €2 air agus téann an t-airgead i dtreo Phádraig agus a mhuintir.
Agus coinnigh súil ar an spás seo le haghaidh tuilleadh nuachta faoi IMLÉ go luath.